Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostú Oifigigh Réigiúin do Ghaelscoileanna.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta airgead a chur ar fáil do Ghaelscoileanna le hoifigeach lánaimseartha a cheapadh do Chúige Uladh. [14809/95]

Maidir le ceist a haon, ceadaíodh deontas speisialta £40,000 sa bhliain, ar feadh tréimhse dhá bhliain, ó fháltais an chrannchuir náisiúnta do Ghaelscoileanna ar 26 Bealtaine 1993 chun cabhrú leo beirt oifigeach réigiúin a fhostú. Níor tugadh le fios riamh gur cabhair leanúnach a bheadh i gceist mar is trí Bhord na Gaeilge a chuirtear an gnáthchúnamh Stáit ar fáil don eagraíocht.

Tá iarratas ar chúnamh trí bhliain ó fháltais an chrannchuir náisiúnta faighte ag mo Roinnse ó Ghaelscoileanna chun leanúint le fostú na n-oifigeach réigiúin (ar a n-áirítear cúnamh chun oifigeach réigiúin a cheapadh do Chúige Uladh). Tá an t-iarratas sin á bhreithniú ag mo Roinnse go fóill ach ag an bpointe seo níl mé ródhóchasach go mbeidh ar mo chumas cúnamh a cheadú don eagraíocht.

Ba mhaith liom, i dtosach báire, buíochas a ghlacadh leis an Aire as ucht an dea-mhéin a nocht sé don Teachta de Valera agus cuirfidh mé sin in iúl di. Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire, an gceapann sé go bhfuil sé tábhachtach, go móomhór i bhfianaise fhás na nGaelscoileanna i gCúige Uladh trí chéile, go mbeadh oifigeach Gaelscoileanna ag feidhmiú ansin, agus an nglacfadh sé leis go mbeadh cúraimí antrom ar a leithéid de dhuine i ngeall ar na fadhbanna a bhaineann le scolaíocht i dTuaisceart Éireann.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil comhthéacs ann atá báúil leis an gcabhair atá i gceist aige. Mar a dúirt mé, tá mo Roinn ag iniúchadh na ceiste ach bhí mé ionraic leis ag rá go bhfuil deacrachtaí airgid ann. Tá mé sásta go gcuirfear a chuid pointí san áireamh nuair a dhéanfar cinneadh amach anseo. Tá rud eile tábhachtach i gceist chomh maith mar tá sé ar intinn agam measúnú a dhéanamh, trí choimisiún, ar eagrais áirithe agus an chaoi a bhfuil siad ag cur a n-aidhme i gcrích an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá cúram ar Ghaelscoileanna agus ar Bhord na Gaeilge an sruth Gaeilge a chur ar aghaidh sna gnáthscoileanna nach Gaelscoileanna iad mar a dúirt mé. Sin mar atá an scéal agus an córas faoi láthair sa fhreagra a thug mé don Teachta.

Ós rud é gur do Chúige Uladh a cheapfaí an t-oifigeach an gceapann an tAire go bhféadfaí teacht ar chomhshocrú le hoifigigh oideachais Thuaisceart Éireann chun a chinntiú go ndéanfaí comhairgeadú maidir lena leithéid de dhuine, rud a laghdódh na costais ó thaobh na Roinne de. An mbeadh sé sásta breathnú ar an bhféidirtheacht sin i gcomhthéacs an gá atá ann go mbeadh an t-oifigeach seo ag feidhmiú, go mórmhór i gCúige Uladh.

Arís, is féidir liom a rá, nuair a phléigh mé ag na cruinnithe faoi chomhoibriú maidir le gnéithe cultúrtha sa Tuaisceart agus san oileán ar fad, bhí comhoibriú eile i gceist, acmhainní a chur ar fáil chun an Ghaeilge a chur ar bhonn níos láidre agus níos leitheadaí. Ba é sin an cuspóir riamh agus leanfaidh mé leis sin.

Barr
Roinn