Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Written Answers. - Gaeltacht Dhún na nGall.

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

77 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na deotais atá curtha ar fáil go dtí seo i mbliana i nGaeltacht Dhún na nGall faoi Fhorbairt Chomharchumainn F4; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15843/95]

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

78 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na deontais atá curtha ar fáil go dtí seo i mbliana i nGaeltacht Dhún na nGall faoi Halla agus Coláistí Gaeilge F5; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15844/95]

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

79 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na deontais atá curtha ar fáil go dtí seo i mbliana i nGaeltacht Dhún na nGall faoi Shaoráidí Ilghnéitheacha F6; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15845/95]

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

80 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na deontais atá curtha ar fáil go dtí seo i mbliana i nGaeltacht Dhún na nGall faoi Uisce agus Séarachas F2; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15846/95]

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

81 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na deontais atá curtha ar fáil go dtí seo i mbliana i nGaeltacht Dhún na nGall faoi Mhuiroibreacha F3; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15847/95]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 77, 78, 79, 80 agus 81 le chéile.

Tá an t-eolas a lorgaíodh maidir le deontais a ceadaíodh go dtí seo i mbliana i leith tograí i nGaeltacht Dhún na nGall sa tábla leis seo.

Deontas Ceadaithe

Togra

£

F2Uisce agus Séarachas

Grúpscéim Uisce Mhín na bhFiann

1,008

Deontas forlíontach ón Roinn

Grúpscéim Uisce an Chlocháin/Ghleann

Cholm Cille

520

Deontas forlíontach ón Roinn

Grúpscéim Uisce Mhín na Srón

160

Deontas forlíontach ón Roinn

Grúpscéim Uisce Cill Ulta

435

Deontas forlíontach ón Roinn

F3 Muiroibreacha

Comhairle Chontae Dhún na nGall

15,000

Oibreacha feabhsúcháin/deisiúcháin ag Cé na Málainne Bige, Gleann Cholm Cille, a chur i gcrích ar chostas measta de £30,000

F4 Comharchumainn

Comharchumann Marglann Stoic an Chlocháin Teo

7,500

Oibreacha togála ag an marglann stoic ar an mBrocadh

F5 Ionaid Phobail/Coláistí Gaeilge

F6 Áiseanna Chaitheamh Aimsire

Coiste Thuismitheoirí Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tearmann

1,700

Tarramhacadam a chur ar chuid de chlós na scoile

Cumann Lúthchleas Gael Naomh Mhuire, Anagaire

Clubtheach a thógáil agus obair fheabhsúcháin ar chur pháirc imeartha

41,000

an chumainn a chur i gcrích

Coiste Forbartha Ghaoth Barra, Leitir Mhic an Bhaird

500

Comhartha bóthair i nGaeilge a chur ar fáil ar dhroichead Gaoth Barra.

Barr
Roinn