Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

2 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige córas achomhairc neamhspleách a chur ar bun le glacadh le hachomharc ó dhaoine nach bhfuil sásta le cinneadh na Roinne i leith iarratais faoi scéim Labhairt na Gaeilge. [13317/95]

Is féidir le teaghlaigh nach bhfuil sásta le cinneadh mo Roinne-se i ndáil lena n-iarratais faoi Scéim Labhairt na Gaeilge achomharc a dhéanamh. Is é an nós imeachta sna cásanna sin gur oifigeach eile ón Roinn seachas an t-oifigeach a rinne an t-iarratas a mheas an chéad uair a scrúdaíonn an t-achomharc.

Tá an córas sin ag obair go sásúil faoi láthair agus níl i gceist córas achomhairc neamhspleách a bhunú ag an bpointe seo.

Deir an tAire Stáit go bhfuil an córas ag oibriú go sásúil i láthair na huaire. Caithfidh mise a rá go bhfaighimse achainíocha maidir le deontas labhairt na Gaeilge, agus, is dóigh liomsa, de bharr nach bhfuil próiseas achomhairc atá oscailte, agus le feiceáil a bheith oscailte agus neamhspleách ann, go minic nach mbíonn daoine sásta le cinneadh na Roinne. Nach n-aontódh an tAire Stáit go bhfuil gá ann go bhfeicfí go mbeadh an córas achomhairc neamhspleách agus é feicthe bheith neamhspleách ó na hoifigigh a rinne an cinneadh an chéad uair, mar atá, mar shampla, i gcás na Roinne Leasa Shóisialaigh.

Mar eolas breise don Teachta: sa scoilbhliain 1994-95 rinne 3,500 teaghlach iarratas faoin scéim. Íocadh an deontas iomlán i leith 2,204 theaghlach agus laghdaíodh é i leith 888. Diúltaíodh an deontas do 414 theaghlach. Rinneadh achomharc scríofa i gcás 30 teaghlach, sin .8 faoin gcéad den líon teaghleach a rinne iarratas faoin scéim, agus 2.3 faoin gcéad den Iíon ar diúltaíodh dóibh nó a fuair deontas laghdaithe. Tar éis athscrúdaithe, athraíonn sé sin i gcás ocht dteaghlach ach ní dhearnadh aon athrú i gcás ocht gcinn eile. Níl cinneadh déanta go fóill i gcás an 14 achomhairc eile. Is é an t-eolas a fuair mise ná go bhfuil na daoine sásta agus gur ghlac siad leis an mbreithiúnas.

Ag an am céanna, ó thaobh prionsabail de, nach nglacfadh an tAire Stáit leis, go bhfuil glacthas leis ag an Stát seo le prionsabal an achomhairc neamhspleáigh agus go bhfuil sé sin curtha ar fáil i gcás beagnach chuile chinneadh Stáit a dhéantar, go mbíonn achomharc neamhspleách. Fiú má ghlactar leis gur 30 teaghlach as 414 atá i gceist, nach nglacfadh an tAire Stáit leis ó thaobh na n-oifigeach sa Roinn, chomh mór agus a bheadh sé ar son na dteaghlach atá i gceist, gurbh fhearr ní amháin go réiteofaí seo go neamhspleách ach, mar a deirtear i mBéarla, ó thaobh openness and transparency, go bhfeicfí go mbeadh sé neamhspleách ón gcóras a rinne an chéad chinneadh, mar atá i gceist, mar shampla, i gcúrsá pleanála agus i gcúrsaí leasa shóisialaigh, agus beagnach i chuile chóras Stáit eile.

Sin é an scéim atá againn faoi láthair, ach nuair a bheidh athscrúdú á dhéanamh againn, cuirfidh mé tuairimí an Teachta san áireamh.

Barr
Roinn