Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 8 Nov 1995

Vol. 457 No. 8

Written Answers. - Roinnt Talúna.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

159 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta cén uair a bheidh roinnt talúna ar Oileán Dínise agus Oileán na Caisín (sonraí tugtha) curtha i gcrích. [16456/95]

I bhfreagra ar cheist dár dáta 13 Meitheamh 1995 ar an abhar seo ón Teachta, chuir me in iúl go raibh an cás seo casta agus go raibh gach uile iarracht á dhéanamh chun críoch a chur leis. Is oth liom a rá nach bhfuil se críochnaithe fós de bharr líon na ceapaigh talún atá i gceist. Mar a léirigh mé i bhfreagra ar Cheist Uimhir 65 dár dáta 11 Deireadh Fomhaire ón Teachta, tá tosaíochta á thabhairt don obair seo anois, toisc go bhfuil foireann sa bhreis ar fáil.

Barr
Roinn