Tá fúm an dá cheist ón Teachta a thógaint le chéile.
Tá soláthar ann do dheontas le haghaidh chostas aíochta i gcásanna áirithe. Baineann sé le daltaí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh de raon seirbhísí iompair chuig scoil dara-leibhéal a bhfuil oideachas oiriúnach ar fáil inti. Daltaí ó na hoileáin a fhaigheann formhór mór na deontas faoin scéim seo.
Is é £1,750 (míle seacht gcéad caoga punt) an méid is mó is féidir a íoc le dalta ar bith don scoilbhliain 1995-96. Faigheann gach dalta atá ináirithe deontas de ocht ós cionn a cúig déag (8/15) den táille aíochta a ghearrtar ar thuismitheoirí. Tá soláthar faoi leith sa scéim d'iarratasóirí fíor-ghátaracha. Faigheann siadsan nach bhfuil de theacht isteach acu ach íocaíochtaí leasa shóisialaigh deontas aíochta céad faoin gcéad (100%). Ar an gcuma chéanna, faigheann iarratasóirí nach bhfuil teacht isteach thar £9,360 (naoi míle, trí chéad seasca punt) sa bhliain acu deontas aíochta céad faoin gcéad (100%). Tá soláthar ann freisin gur féidir an uasteorainn ioncaim seo a árdú faoi £308 (trí chéad is a hocht punt) i gcás gach páiste i ndiaidh an chéad pháiste atá ina chleithiúnaí. Táim sásta go bhfuil an scéim dírithe orthusan atá ag brath ar chabhair ón gcóras leasa shóisialaigh agus go dtógtar líon na bpáistí i dteaglaigh ar cleithiúnaithe iad san áireamh.
Mar is eol don Teachta, tá tuarascáil don Rialtas á cur le chéile ag Coiste Idirrannach um Fhorbairt Oileáin. Maidir le soláthar chun costais taistil a chlúdach, nó leasuithe ar an Scéim Deontais Aíochta, déanfar iad sin a athbhreithniú i láthair na tuarascála sin.