Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 Nov 1995

Vol. 458 No. 5

Adjournment Debate. - Scoil sa Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe.

Go raibh mhaith agat a Cheann Chomhairle as ucht cead a thabhairt dom an cheist thábhachtach seo a phlé ar Athló na Dála faoi drochstaid Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe. Tá Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar cheann de na scoileanna is mó sa Ghaeltacht. Tá 444 dalta ar an rolla i mbliana agus tá 29 duine ar an bhfoireann múin-teoireachta. Tá an scoil ag freastal ar phobal an-scaipthe ó Leitir Mealláin go Ros a'Mhil, limistéar atá aitheanta mar cheantar faoi mhí-bhuntáiste. Tá 132 dalta cláraithe sa chéad bhliain.

Is ábhar mór buartha agus imní do fhoireann na scoile, na daltaí agus na tuismitheóirí an drochchaighdeán áiseanna, timpeallachta agus cothabhála atá curtha ar fáil sa scoil. Is ábhar iontais a laghad obair fheabhsucháin a rinneadh ar na háiseanna le fiche bliain anuas. Níl aon amhras ach gur údar lagmhisnigh agus easpa muiníne don fhoireann agus do na scoláirí droch chaoi na scoile. Ba mhaith lion aird an Aire Oideachais a tharraingt ar na fadhbanna seo a leanas a chonaiceas nuair a thugas cuairt ar an scoil le déanaí ar chuireadh ó Chraobh na Cheathrú Rua do Aontas Múinteoirí Éireann.

Ar mhaithe le follántas agus éascaíocht ní mór athchóiriú iomlán a dhéanamh ar leithris na mbuachaillí thios staighre agus na leithris ar an gcéad agus ar an dara hurlár a athchóiriú agus a chur in úsáid. Teastaíonn athchóiriú iomlán ar an seomra praicticiúil: tá cuid de na hinnealra agus uirlisí sa tseomra sin lochtach agus fiú contúirteach i gcásanna áirithe. Tá locht ar na sconnaí gáis agus uisce; tá locht ar na dallóga agus ar na socéid leictreachais agus tá easpa péintéail ar an seomra ar fad.

Tá fuinneoga briste, na gaoithe agus an gála ag séideadh isteach iontu, go háirithe i seomra D agus sa seomra fóirne is ní féidir go leor de na fuinneoga a oscailt mar tá siad greamaithe. Teastaíonn dallóga go géar i roinnt seomraí. Tá lámha na ndóirse ar iarraidh nó lochtach i bhformhór na seomraí agus tá cuid de na dóirse fabhtach.

Ina lán de na seomraí tá an sileáil go dona agus tá séideadh gaoithe dá bharr. Tá gá le athchóiriú iomlán ar na hurláir sna pasáistí tar éis obair réiteach ar an chóras teasa a bheith críochnaithe. Tá cláracha dubha nua ag teastáil i ngach seomra ranga sa scoil seo.

Nuair a smaoiníonn tú nach raibh ach 320 dalta sa scoil seo scór bliain ó shin agus go bhfuil suas le 440 scoláire ann anois, méadú de 40 faoin gcéad, is éasca a thuiscint go bhfuil brú ar áiseanna na scoile. Rud a bhfuil géarghá leis ná córas éifeachtach glantacháin agus cothbhála. Ba chóir go bhfostófaí daoine sa bhreis ionas go mbeadh an fhoireann glantacháin in ann coinneáil suas leis an obair agus a chinntiú go mbeidh caighdéan árd glantacháin ann i gcónaí.

Tá brú mór ar spás sa scoil do scóláirí agus do mhúinteoirí. Scór bliain ó shin ní raibh ach tuairim is 50 scoláire sa 4ú/5ú blianta. Faoi láthair tá tuairim is 160 scoláire i mblianta 4ú/5ú, meadú de 300 faoin gcéad. Níl an spás ná an treallamh sa scoil in ann freastal sásúil a dhéanamh ar na scoláirí ar fad. Tá práinn dá bhrí sin le hathchoiriú ar an Chlochar agus chomh maith leis sin, tá gá le 3 sheomra breise sa tseanscoil. Ó thaobh seomra na múinteóirí dhe, tá athchóiriú ag teastáil go géar; tá cófraí feiliúnacha agus seilfeanna de dhíth agus gá le bord beag, cathaoir agus áit staidéir do chuile múinteoir.

Sa halla agus seomraí gléasta tá gá le deisiú proifisiúnta a chur ar na ropaí, na barraí, na biomaí, an urlár agus marcáil cheart a chur air le haghaidh na gcluichí éagsúla. Tá gá le hathchóiriú ar leithris na mbuachaillí agus na gcailiní, cithfholcadh agus tá uisce te agus cuirtíní de dhíth.

Muna gcreideann an tAire an pictiúir atá á tharraingt agam den scoil, mar atá sí faoi láthair, molaim dí cuairt a thabhairt ar an scoil chun a fheiceáil dí féin cé chomh dona is atá rudaí. Níl sé féarálta do na scoláirí ná do na múinteoirí go bhfuil siad fágtha mar atá le scoil nach bhfuil cóirithe i gceart agus de réir an méid a chonaic mé ar mo thuras tríd an scoil, táim den tuairim go gcaithfidh go bhfuil sé an-deacair do na scoláirí agus na múinteoirí a ndícheall a dhéanamh. Más sampla é seo de shuim an Roinn Oideachais i scoileanna Gaeltachta taispeáineann sé gur beag an meas sin ag an Roinn ar oideachas sa Ghaeltacht.

Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire freagra sásúil don impí atá mé ag déanamh uirthi anocht agus go mbeidh cúis dóchais againn go ndéanfar rud fiúntach don scoil seo go luath agus go gcinnteoidh sí go gcuirfear airgead speisíalta ar fáil i Meastacháin 1996 le hathchóiriú iomlán a dhéanamh ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin sa Cheathrú Rua.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an dTeachta as ucht an ábhar seo a ardú. Tugann sé deis dom a chur i bhfios don Teach conas mar atá cúrsaí maidir le Scoil Chuimsitheach Chiaráin. An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

I dtús báire, ba mhaith liom gearrchuntas a thabhairt ar chúlra an cháis seo.

Osclaíodh Scoil Chuimsitheach an Cheathrú Rua sa bhlain 1966. Tá rollacháin ceithre céad daichead s' a ceathair (444) dalta ag an scoil fé láthair. Mar chóiríocht tá príomhfhoirgneamh trí urlár ag an scoil, comh maith le clochar trasna an bhóthair uaidh.

I 1994, chaith mo Roinn timpeall seachtó míle punt (£70,000) ar fheabhsúcháin don córas teasa, don soilsiú éigeandála agus don córas aláraim dóiteáin.

Níos luaithe i 1995, caitheadh timpeall £34,000 breise ar an gcóras teasa.

I láthair na h-uaire, tá dhá iarratas ón Scoil Chuimsitheach fé bhráid na Roinne, ceann acu ar scoil a dhéanamh de'n chlochar agus ar oibreacha deisiúcháin don scoil féin.

Maidir le treallamh nua a fháil in ionad treallamh lochtach, be cheart don scoil a chuid riachtanais a chur in iúl do Rannóg Troscáin agus Treallaimh na Roinne agus déanfar an t-iarratas a mheas.

Cheana féin, tá oifigigh ón Roinn tar éis cuairt a thabhairt ar an scoil chun an réiteach is sásúla ar a riachtanais cóiríochta a aimsiú.

Iarradh tuarascáil chuimsitheach ailtireachta agus innealltóireachta maidir le gnéithe áirthe de'n chlochar. Táthar ag súil go mbeidh an tuarascáil seo ar fáil i gceann coicíse.

Ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta go mbeidh ar chumas na Roinne moltaí a chur fé bhráid Scoil Chuimsitheach an Cheathrú Rua chun áiseanna na scoile a fheabhsú go mór comh luath's a bheidh an tuarascáil seo ar fáil.

Nuair a bheidh deireadh leis an bpróiséas pleanála, braithfidh cúrsaí ar achmhainí caipitil a bheith ar fáil.

Barr
Roinn