Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 29 Nov 1995

Vol. 459 No. 1

Written Answers. - Iarratas Obair Fheabhsúcháin.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

85 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil iarratas aici ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ar an gCeathrú Rua, ar obair fheabhsúcháin a fháil déanta ar an scoil sin; agus má tá, cen uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas seo mar go bhfuil práinn leis an obair de bharr an droch-chaoi atá ar an scoil. [17936/95]

I láthair na huaire, tá dhá iarratas ón Scoil Chuimsitheach faoi bhráid na Roinne.

D'iarradh tuarascáil chuimsitheach ailtireachta agus innealltóireachta ón bhfoireann dearadh atá ag plé leis an scoil. Táthar ag súil anois go mbeidh an tuarascáil seo ar fáil i gceann seachtaine. Nuair a bheidh an tuarascáil seo faighte agus scrúdaithe ag an Roinn beidh ar chumas na Roinne moltaí a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta maidir le áiseanna na scoile a fheabhsú go mór.
Amach anseo, nuair a bheidh deireadh leis an bpróiséas pleanála, braithigh cúrsaí tógála ar achmhainní caipitil a bheith ar fáil.
Barr
Roinn