Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Mar 1996

Vol. 463 No. 1

Written Answers. - Cúram na nOileán Leasmuigh den Ghaeltacht.

Robert Molloy

Ceist:

65 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an mbeadh sé sásta tacaíocht a thabhairt don éileamh na hoileáin mhara ar fad atá cláraithe le Comhdháil Oileáin na hÉireann a chur faoi chúram a Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5793/96]

Dírim aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar 2 Márta 1995 ar Cheist Dála Uimh. 65 uaidh faoin ábhar seo.

Níl ar intinn ag an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an bpointe seo cúram na n-oileán lasmuigh den Ghaeltacht a ghlacadh uirthi féin.

Barr
Roinn