De thoradh moltaí ón gCoiste Comhairleach a bhunaigh mé, tá cinneadh i bprionsabal déanta agam cúnamh, a chur ar fáil d'ocht dtogra faoin gcéad chéim den phróiséas measúnachta den Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-99. Tá iarratas faighte faoin scéim seo i ndáil leis an togra a luann an Teachta ina Cheist.
Tá tús curtha leis an dara chéim den phróiséas measúnachta, agus mar thoradh ar seo, déanfaigh an Coiste Comhairleach measúnú, agus cuirfear moltaí faoi mo bhráid, i ndáil leis na hiarratais eile atá faoi bhráid mo Roinne. Measaim go dtógfaidh an próiséas seo dhá mhí, nó mar sin, le comhlánú agus táim ag súil go mbeidh ar mo chumas sonraí faoi thograí eile, a mbeidh cúnamh le tairiscint dóibh, a fhógairt i mí Bealtaine na bliana seo. Tá súil ag go ndéanfar cinneadh faoin iarratas ó Ghaillimh le Gaeilge le linn an phróiséis seo.