Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Mar 1996

Vol. 463 No. 1

Written Answers. - Scéimeanna le Forbairt Gaeltachta. Cúnamh don Ghaeltacht ón Aontas Eorpach.

Robert Molloy

Ceist:

69 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfeadh sé eolas ar fáil faoin méid airgid a cuireadh ar fáil agus postanna a chruthaíodh faoi na scéimeanna atá ag an Aontas Eorpach le haghaidh chur chun cinn fhorbairt fhisiciúil agus eacnamaiochta na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5797/96]

Thug mé eolas chomh fada is a bhí ar chumas mo Roinne é sin a dhéanamh faoi ábhar na coiste seo sna freagraí a thug mé ar Cheist Dála an 31 Eanáir 1995 (Uimh. 98) ón Teachta agus ar Cheist Dála an 2 Márta 1995 (Uimhir 7) ón Teachta Peadar Clohessy.

Níl eolas beacht ag mo Roinnse faoi líon na bpost a cruthaíodh sa Ghaeltacht mar thoradh ar Chláracha aon Aontais Eorpaigh.

Barr
Roinn