Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Mar 1996

Vol. 463 No. 1

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Robert Molloy

Ceist:

73 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéid dalta a bhain tairbhe as scéim labhairt na Gaeilge sna blianta 1985 agus 1995 agus an gcuirfeadh sé miontuairisc faoi dhul chun cinn an scéime nua deontas do labhairt na Gaeilge faoi bhráid an Tí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5801/96]

I 1985 íocadh deontas Labhairt na Gaeilge (an Deontas £10) i leith 6,898 daltaí scoile. Cuireadh tús le Scéim nua Labhairt na Gaeilge sa scoilbhliain 1993-94. Tá an scéim nua dírithe ar theaghlaigh sa Ghaeltacht seachas ar dhaltaí aonaracha agus i 1995 íocadh deontas le 3,216 teaghlaigh faoin scéim sin.

Ón eolas atá ar fáil dom ó Stiúrthóir Áitiúla mo Roinne, atá i dteagmháil go rialta le hiarratasóirí faoin scéim, creidim go bhfuil an scéim nua tar éis cur le húsáid na Gaeilge i roinnt mhaith teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Barr
Roinn