Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Mar 1996

Vol. 463 No. 1

Written Answers. - Deontais Tithíochta sa nGaeltacht.

Robert Molloy

Ceist:

74 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar na deontais tithíochta sa nGaeltacht de bharr na harduithe atá tagtha ar chostais tógála sa nGaeltacht le roinnt blianta; agus an mbeidh sé i gceist iad a choinneáil ar comhchéim leis an ráta boilscithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5802/96]

Níl sé beartaithe agam athruithe sonracha a dhéanamh faoi láthair ar leibhéal na ndeontas atá ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Tá buntáiste nach beag ag lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht ó thaobh deontais tithíochta de thar an chuid eile den tír. I gcás tithe nua tá an deontas tógála atá ar fáil faoi na hAchtanna 33.3 faoin gcéad níos mó ná an deontas tógála atá ar fáil ón Roinn Comhshaoil. Faoi mar is eol don Teachta chuir an Roinn sin deireadh leis na deontais feabhsucháin tithíochta a bhí ar fáil uaithi lasmuigh den Ghaeltacht — agus sa Ghaeltacht féin d'iarratasóirí nach raibh Gaeilge acu — sa bhliain 1987 ach tá áthas orm a rá go bhfuil deontais feabhsúcháin tithíochta le fáil ag lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht i gcónaí.

Barr
Roinn