Robert Molloy
Ceist:76 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén cinneadh atá déanta maidir leis na moltaí i dtuarascáil innealltóirí comhairleacha a sheol Comharchumann Aonghus Teoranta, Gort na gCapall, Cill Rónáin, chuig a Roinn i mí Eanáir 1995; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5804/96]