Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Mar 1996

Vol. 463 No. 1

Written Answers. - Ionad Do Chuairteoirí Sa Bhoireann.

Robert Molloy

Ceist:

78 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad tá i ndán don Ionad Náisiúnta do Chuairteoirí sa Bhoireann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5806/96]

D'fhogair mé i ráiteas a eisíodh ar 20 Feabhra 1996 go raibh na dréacht-dhoiciméid a chuimsíonn Stáidéar na Boirinne, agus a bhí ullmhaithe ag comhairleoirí faoi threoir Ghrúpa Stiúrtha a cheap mé don chúram sin á bhfoilsiú agam.

Dúirt mé sa ráiteas a d'eisigh mé go bhfáilteoinn roimh thuairimí ó pháirtithe leasmhara mar chuid de phróiseas comhairleach poiblí a leanfadh ar aghaidh ar feadh tréimhse dhá sheachtain déag go dtí 16 Bealtaine 1996.

Tá moltaí déanta ag na comhairleoirí maidir le Gort na Leice agus beidh mé ag súil le tuairimí a fháil faoi na moltaí seo, comh mhaith leis na moltaí eile, sa bproiséis thuas-luaite.

Is féidir glacadh leis go dtabhairfaidh mé aird chuí ar gach aighneacht a chuirfear faoi mo bhráid de thoradh an phróiséis sin sula ndéanfaidh mé cinneadh críochnaitheacht sa chás níos déanaí i mbliana.

Barr
Roinn