Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Mar 1996

Vol. 463 No. 2

Written Answers. - Úsáid na Gaeilge.

Helen Keogh

Ceist:

22 D'fhiafraigh Ms Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i mbliana chun úsáid na Gaeilge agus gnó trí Ghaeilge a chur chun cinn sa Státseirbhís. [3237/96]

Tá sé mar chuid thábhachtach de Chlár an Rialtais chun Athnuachana go leanfar le bearta a chur i gcrích, trí chláracha gníomhaíochta Ranna Rialtais agus Eagras Stáit, le feabhas a chur ar an bhfáil, i gcoitinne agus go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus go dátheangach. Is deacair ag an bpointe seo an dul chun cinn at á dhéanamh a thomas.

Mar chuid dá chúram maidir le athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn d'fhoilsigh Bord na Gaeilge tuarascáil dar teideal "An Dátheangachas san Earnáil Phoiblí" i mí Bealtaine anuraidh. Díríonn an tuarascáil sin ar fhreagairt an hEarnála Poiblí i gcoitinne do na Treoirlínte faoin Dátheangachas san Earnáil Phoiblí a eisíodh chuig Ranna Stáit agus Eagrais Stáit agus tá anailís neamhspléach inti a rinne an Foras Riaracháin thar ceann Bhord na Gaeilge. Ba é sin an chéad thuairisc dá shórt agus beidh sí le foilsiú go bliantúil mar shlat tomhais chun feidhmiúna dtreoirlínte a mheas.
Tá iarrtha ag Bord na Gaeilge ar na Ranna Stáit agus ar na hEagrais Stáit tuairisc a thabhairt an chur i bhfeidhm na gcláracha gníomhaíochta dá dtagraítear dóibh thuas go deireadh 1995. Chomh maith leis sin beidh iniúchadh á dhéanamh ag Bord na Gaeilge ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte trí cheistneoir a ullmhaíodh i gcomhairle leis an bhForas Riaracháin agus a scaipeadh ar Ranna Stáit agus ar Eagrais Stáit le líonadh. Déanfar anailís ar fhreagairt an cheistneora sin agus foilseofar na torthaí a luaithe is féidir i mbliana.
Léirigh an tuarascáil dar teideal "An Dátheangachas san Earnáil Phoiblí" dá dtagraítear di thuas go bhfuil feabhas tagtha ar go leor gnéithe den scéal, ina mease méadú in úsáid na Gaeilge i gcomharthíocht de gach saghas agus in úsáid stáiseanóireachta lándhátheangach.
Tá sé soiléir, áfach, go bhfuil go leor eagras poibli ann fós nach bhfuil a gcuid dualgas maidir le seirbhís trí Ghaeilge don phobal á gcomhlíonadh mar ba chóir acu agus leanfaidh Bord na Gaeilge agus mo Roinn féin lena gcuid iarrachtaí chun feabhas a chur ar an scéal. Maidir leis sin de scríobh mé arís, mar shampla, chuig mo chomhleacaithe sa Rialtas i dtaobh na ceiste i mí Iúil seo caite.
Dírim aird an Teachta freisin ar an gcuid sin den aitheasc uaim i láthair Chomhchoiste an Oireachtais don Ghaeilge ar 8 Feabhra 1996 a bhain leis an Dátheangachas san Earnáil Phoiblí a chuirfear cóip de sa Tuairisc Oifigiúil.
Barr
Roinn