Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Mar 1996

Vol. 463 No. 2

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Kathleen Lynch

Ceist:

25 Kathleen Lynch asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the number of jobs created by Údarás na Gaeltachta in the most recent year for which figures are available; the average cost per job created in the most recent year for which figures are available; the plans, if any, he has to review the spending by Údarás on job creation; and if he will make a statement on the matter. [17767/95]

Michael McDowell

Ceist:

36 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i gcomhlíonadh a dhualgaisí fostaíocht nua a chruthú i gceantair Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi staid na fostaíochta sna Gaeltachtaí éagsúla. [3236/96]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 25 agus 36 le chéile.

I ráiteas a d'eisigh Údarás na Gaeltachta ag deireadh mí Eanáir maidir le torthaí na bliana 1995 léirítear

—gur cruthaíodh 1,251 phost nua lánaimseartha sa bhliain sin i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón eagraíocht;

—gur thug an meadú post seo an fhostaíocht i gcomhlachtaí a fuair cúnamh ón Údarás go buicphointe 6,835 post; agus.

—gurb é £9,600 an meánchostas deontais in aghaidh an phoist sa bhliain sin.

Thainig méadú 646 ar líon iomlán na bpost seasúrach chomh maith go dtí buaicleibhéal nua — 3,940.

Maidir le hathbhreithniú ar chaiteachas an údaráis ar fhostaíocht a chruthú bíonn athbhreithniú den chineál sin ar siúl go leanúnach ag an Údarás féin agus ag mo Roinnse chun cur leis an éifeachtúlacht i gcoitinne agus chun deiseanna nua fostaíochta a thapú.

Táim sásta go bhfuil a dhualgas maidir le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht á chomhlíonadh ag an Údarás — rud a léirítear leis na torthaí fiúntacha atá á mbaint amach that na blianta.

Maidir le staid na fostaíochta sna ceantair Ghaeltachta éagsúla is fíor go bhfuil ceantair áirithe ina mbíonn sé deacair fostaíocht a chruthú iontu ach déanann an tÚdarás gach iarracht cúsaí fostaíochta a fheabhú sna ceantair sin agus tá dul chun cinn maith á dhéanamh de réir a chéile.
Barr
Roinn