Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 25 Jun 1996

Vol. 467 No. 4

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Robert Molloy

Ceist:

57 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Turasóireachta agus Trádála an gcuirfeadh sé in iúl an difríocht idir an ról atá ag Údarás na Gealtachta agus Bord Fáilte i bhforbairt thionscal na turasóireachta ins na ceantair Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13425/96]

Tá comhthuiscint idir Údarás na Gaeltachta agus Bord Fáilte i gcaoi nach dtagann an dá eagraíocht salach ar a chéile ina gcuid gníomhaíochtaí agus i gcásanna cuí bíonn comhoibrú eatarthu ar thograí comhspéise.

Go ginearálta, is le forbairt tionscnamh sonrach straitéiseach sa Ghaeltacht, le béim ar thurasóireacht chultúrtha, teanga agus oidhreachta a bhíonn baint ag an Udarás, seachas ar fhorbairt na turasóireachta i gcoitinne atá mar chúram ar Bhord Fáilte agus ar na heagraíochtaí réigiúnacha agus áitiúla faoina scáth.

Barr
Roinn