Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 3 Jul 1996

Vol. 468 No. 1

Written Answers. - Cúrsaí Cánach.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

110 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil sé sásta glacadh le hUimhir Pinsin neamh-ranníocaigh ó phinsinéirí agus ó bhaintreacha in ionad Uimhir RSI ar iarratais ar Dheontais Tithíochta Gaeltachta, mar a dhéanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14737/96]

Is gá, ó 1 Márta 1988 ar aghaidh, do gach iarratasóir ar chúnamh faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), a (h) uimhir thagartha chánach a thabhairt maille le deimhniú go bhfuil cúrsaí cánach an iarratasóra in ord leis na Coimisinéirí Ioncaim. Is faoi réir treoracha atá leagtha síos ag an Roinn Airgeadais atá mo Roinnse ag feidhmiú.

Tuigim gur chinn an Rialtas, mar shocrú eisceachtúil speisialta, glacadh leis an socrú atá luaite ag an Teachta i gcás íocaíochtaí beostoic i gceantair míbhuntáiste amháin agus go seasann treoracha na Roinne Airgeadais seachas sin.

Barr
Roinn