Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 3 Jul 1996

Vol. 468 No. 1

Written Answers. - Cáilíochtaí Ceapacháin mar Mhúinteoir.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

160 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais céard iad na cáilíochtaí Gaeilge atá riachtanach le haghaidh ceapacháin mar mhúinteoir buan lánaimseartha dara leibhéal. [14738/96]

Glactar leis na cáilíochtaí seo leanas i leith ceapacháin mar mhúinteoir buan lánaimseartha i Meánscoil, Gairmscoil, Scoil Chuimsitheach nó Pobalscoil is cuí:

An Ceard Teastas Gaeilge (scrúdú scríofa agus béaltrail) nó cáilíocht chomhionann

An Teastas i dTeagasc na Gaeilge

An Béaltriail don Ceard Teastas Gaeilge i gcás

múinteoirí a bhfuil an Ard Dioplóma in Oideachas acu agus múinteoirí atá fostaithe ar chúrsaí Gairmullmhúcháin agus Gairmoiliúna
An Béaltriail le haghaidh cláraitheachta mar mheánmhúinteoir
Céim Ollscoile sa Ghaeilge
Céim Ollscoile a rinneadh le cabhair Scoláireachta Gaeltachta.
Barr
Roinn