Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 Sep 1996

Vol. 469 No. 1

Written Answers. - Non-Irish Language Programming on Teilifís na Gaeilge.

Síle de Valera

Ceist:

308 Miss de Valera asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht his views on what should be broadcast on Teilifís na Gaeilge when Irish language programming is not being transmitted. [16997/96]

Dírím an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 19, 26, 37 agus 88 den 12 Meitheamh 1996 (Colúin 1832 go 1838 den Tuairisc Oifigiúil don lá sin).

Faoi mar a dúradh san fhreagra sin, go dtí go mbunófar Teilifís na Gaeilge ar bhonn reachtúil, tá dualgas curtha ar RTÉ as bunú agus feidhmiú tosaigh an stáisiúin agus ní mór mar sin úsáid an ghréasán chraolta do Theilifís na Gaeilge a bheith i gcomhréir le forálacha na nAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1993.

Faoi alt 19 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960, arna cur isteach ag alt 16 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976, ní cheadaítear don mhéid iomlán uaireanta in aghaidh na bliana a chraolann an Údarás ar Radio agus ar Theilifís, bheith os cionn uasmhéid nó faoi bhun íosmhéid a leagtar síos ag an Údarás le toiliú an Aire.

Chuir Údarás RTÉ, ar mholadh ó Chomhairle Theilifís na Gaeilge, móltaí i ndáil le huaireanta craolta na céad d'feidhmiú Theilifís na Gaeilge, ina n-áirítear moltaí i ndáil le h-ábhar a chraoladh seachas ábhar a bhaineann leis an mbunsheirbhís do Theilifís na Gaeilge, faoi mo bhráid le déanaí. Tá mo Roinnse ag scrúdú na moltaí sin faoi láthair.

Ní miste a shoiléiriú nach bhfuil sé i gceist agam aon pháirt a ghlacadh i gcúrsaí bainistíochta laethúla na seirbhíse le linn dom mo dhualgais reachtúla a bheith á fheidhmiú agam faoi na forálacha thuasluaite.

Barr
Roinn