Éamon Ó Cuív
Ceist:416 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó Scoil na hAirde Móire, i gCill Chiaráin (sonraí tugtha) ar obair fheabhúscháin a dhéanamh ar chlós na scoile, ag tógáil san áireamh go bhfuil an t-iarratas seo leis an Roinn le dhá bhliain agus go bhfuil 83 gasúr ar rolla na scoile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16456/96]