Éamon Ó Cuív
Ceist:137 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil an bhfuil sé i gceist aige aon airgead breise a chur af fáil i mbliana don Bhóthar R340, ó Chill Chiaráin trí Charna go dtí an Sraith Salach, ó na Cistí Struchtúrtha faoin gClár atá ag an Rialtas do bhóithre réigiúnacha agus contae, de bharr dhrochstaid an bhóthair sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17899/96]