Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Written Answers. - Dáta Clárú Talúna.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

185 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cén uair a chríochnófar clárú talúna faoi uimhir dhéileála (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe. [17701/96]

Deir Cláraitheoir na dTeideal liom go dtagraíonn an déileál seo le iarratas ar Iompú Teideal a lóisteáladh 7 Aibreán 1993. Tuigim gur cás casta é seo agus nach féideir cathain a bheidh sé críochnaithe a mheas faoi láthair.

Deirtear liom freisin gur seoladh roinnt cheisteanna chuig aturnae an t-iarrathóra agus go bhfuilid ag feitheamh ar freagra leis an gceann is déanaí, a seoladh 27 Meán Fómhair 1996. Ní féidir leanúint ar aghaidh go dtí go bhfuil freagraí sásúil faighte.

Bíodh sin mar atá, is féidir liom a dheimhniú, go bhfuil brú á chur ag Chlárlann na Talún ar an gcás.

Barr
Roinn