Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Written Answers. - Fostaíocht sa Gaeltacht.

Helen Keogh

Ceist:

44 D'fhiafraigh Ms Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfeadh sé in iúl líon na n-oifigeach ina Roinn atá fostaithe go seasmhach ins na ceantair Ghaeltachta agus an méid oifigeach atá lonnaithe i gCeannáras na Roinne i mBaile Átha Cliath; an bhfuil aon phlean aige an Ceannáras a lonnú i gceantar Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17410/96]

Tá oifigí ag mo Roinn sna ceantair Ghaeltachta le foireann seasmhach iontu mar a leanas:— (1) Na Forbacha, Gaillimh — 30; (2) Na Doirí Beaga, Contae Dhún na nGall — 7; (3) Tuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo —1; (4) Páirc Náisiúnta Stairiúil an Bhlascaoid Mhóir, Contae Chiarraí — 3.

I gceanncheathrú mo Roinne ag Dún Aimhirgin, 43-49 Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 2, tá foireann de 90 lonnaithe.

Níl aon phlean agam faoi láthair ceannáras mo Roinne a athlonnú go ceantar Gaeltachta.

Barr
Roinn