Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Written Answers. - National Heitage Areas.

Noel Dempsey

Ceist:

52 Mr. Dempsey asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht when he intends to set up a proper appeals system for national heritage and special protection designated areas. [16673/96]

The Deputy will be aware that I am currently in the process of producing regulations to transpose the Habitats Directive into Irish law and I expect to have these in place by the end of October. I also hope to be in a position to present the Wildlife (Amendment) Bill to the House before the end of the year.

The Deputy will also be aware that it would be improper of me to disclose specific aspects of the regulations or the proposed legislation in advance of publication. He can be assured, however, that due regard will be taken of situations where any landowner may wish to make representations to me objecting to the proposed designation.

Peadar Clohessy

Ceist:

53 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén plean atá beartaithe aige chun déileáil le dífhostaíocht fhadtéarmach ins na ceantair Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17405/96]

Is é Údarás na Gaeltachta an príomhghléas Stáit atá ann chun cuidiú le tionscail agus scéimeanna tairgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt agus a chothabháil sa Ghaeltacht. I dtaca leis sin de bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an Údarás d'fhonn tograí a aimsiú a chuirfidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta — daoine atá dífhostaithe go fadhthréimhseach san áireamh.

Bíonn ról tábhachtach ag eagraíochtaí agus dreamanna eile i ndeileáil le dífhostaíocht fhadtéarmach, mar shampla, an córas oideachais, FÁS, scéimeanna Leader agus eagraíochtaí faoi Chlár ADM.

Ó thaobh an Údaráis de tá réimse leathan de ghníomhaíochtaí agus de chúnamh airgid i gceist chun deiseanna oiliúna agus forbartha pearsanta agus cruthú fostaíochta a chur chun cinn mar a léirítear gach bliain ina Thuarascáil Bhliantúil. Tá an fhostaíocht i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás ag méadú gan teip ó 1982 i leith. Tháinig glanmhéadú 47 faoin gcéad le deich mbliana go deireadh 1995 ar iomlán na ndaoine i bhfostaíocht lánaimseartha i gcuideachtaí a fhaigheann cúnamh ón Údarás. Tháinig an méadú a b'fhearr fós ar an bhfostaíocht lánaimseartha i 1995, rud a thug an t-iomlán go buaicphointe 6,835 dhuine. Chomh maith leis sin, méadaíodh ar na poist pháirtaimseartha agus shéasúracha go buaicleibhéal 3,940 sa bhliain chéanna, rud a d'fhág go raibh beagnach 10,800 post ag deireadh na bliana 1995 i gcuideachtaí a fuair cúnamh ón Údarás.
Cuimsíonn stráitéis chruthú fostaíochta an Údaráis céimeanna atá in oiriúint do na cúinsí atá i réim sa Ghaeltacht, i.e., acmhainní nádúrtha áitiúla — cultúr agus teanga san áireamh — agus scileanna agus traidisiúin oibre an cheantair a fhorbairt.
Barr
Roinn