Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Written Answers. - Job Creation.

Kathleen Lynch

Ceist:

58 Kathleen Lynch asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the number of jobs that will be created in enterprises assisted by Údarás na Gaeltachta in 1996; the estimated cost per job; and if he will make a statement on the matter. [17437/96]

Ní bheidh an t-eolas atá á lorg ag an Teachta ar fáil go dtí go luath san athbhliain. Tuigim ón Údarás, áfach, go bhfuil deachomharthaí ann go dtí seo maidir le líon na bpost a chruthófar i mbliana.

Mar eolas don Teachta maidir le 1995

—cruthaíodh 1,251 phost nua lánaimseartha sa bhliain sin i ngnóthais sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón Údarás;

—thug an méadú post seo an fhostaíocht lánaimseartha i ngnóthais a fuair cúnamh ón Údarás go buaicphointe 6,835 phost;

—tháinig méadú 642 sa bhliain sin ar líon iomlán na bpost séasúracha/ páirtaimseartha go dtí buaicleibhéal 3,940; agus

—ba é £9,700 an meánchostas deontais in aghaidh an phoist sa bhliain sin.

Barr
Roinn