Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Written Answers. - Easpa Infra-struchtúr an Ghaeltacht.

Mary Harney

Ceist:

59 D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an nglacann sé leis go bhfuil easpa infrastruchtúr, go háirithe usice agus séarchas, ag cur isteach go mór ar fhorbairt turasóireachta agus tionsclaíochta, ins na ceantair Ghaeltachta; agus an gcuirfeadh sé in iúl cad atá beartaithe aige chun an fhadhb seo a réiteach. [17409/96]

Is constaic mhór í easpa bunstruchtúir nua-aimseartha d'fhorbairt na Gaeltachta. I dtaca leis sin dírim aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála i dtaobh an ábhair ar 12 Meitheamh seo caite.

Is beag is féidir liom a chur leis an bhfreagra a thug mé ag an am sin ach a threisiú gur gnó do na h-údaráis áitiúla saoráidí dóthaineacha uisce agus séarachais a chur ar fáil agus a rá go mbíonn mo Roinnse agus Údarás na Gaeltachta i gcomhairle mar is cuí leis na húdaráis sin d'fhonn riachtanais na Gaeltachta a thabhairt chun a n-aird.
Bíonn cúnamh beag le fáil ó mo Roinnse le haghaidh grúpscéimeanna uisce agus mionscéimenna uisce agus séarachais sa Ghaeltacht. Ní miste a rá freisin go mbíonn na comharchumainn Ghaeltachta ag feidhmiú ar na hoileáin agus ar an mórthír chun bunstruchtúr a fhorbairt agus go bhfaigheann siad cabhair reachtála agus caipitil ó mo Roinnse.
Barr
Roinn