Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Written Answers. - Deontas Cumann Peile Bhaile Chlair na Gaillimhe.

Matt Brennan

Ceist:

61 D'fhiafraigh Mr. M. Brennan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a íocfar deontas le Cumann Peile Bhaile Chláir na Gaillimhe, a bhfuil seomra feistis agus obair eile críochnaithe acu le tamall agus a bhfuil íocaíocht iarrtha acu le fada; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17360/96]

Cheadaigh mé deontas £10,000 anuraidh mar chabhair chun seomraí feitis agus seomra cruinnithe a thógáil ag Páirc Imeartha Bhaile Chláir agus tá tráthchuid £5,000 den deontas sin íochta cheana féin. Tá iarratas ar thráthacuid eile den deontas á mheas ag mo Roinnse faoi láthair agus déanfar cinneadh ina leith chomh luath agus is féidir.

Tá moill ar phroiseáil cuid de n h-iarratais (an t-iarratas seo san áireamh) i gceantair áirithe Ghaeltachta toisc gur imigh cigire uachtarach tithe ón Roinn tamall ó shin. Mar gheall air seo tá cainteanna ar siúl leis an bhfoireann tithíochta agus lena gceardchumann le tamall anuas chun teacht ar réiteach faoi athstruchturú ginearálta agus táthar dóchasach go mbeidh an cheist socraithe sar i bhfad.

Barr
Roinn