Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Oct 1996

Vol. 470 No. 1

Written Answers. - Caiteachais i nGaeltacht na Gaillimhe.

Máire Geoghegan-Quinn

Ceist:

178 D'fhiafraigh Mrs. Geoghegan-Quinn den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad airgid san iomlán a cuireadh ar fáil i nGaeltacht Chonamara i bhfoirm deontas do bhóithre, tithe nua, fuinneoga, doirse, oibreacha feabhsúcháin, muiroibreacha i ngach ceann de na blianta 1987 go 1996. [18308/96]

Leis seo tá táblaí a thaispeánann caiteachas mo Roinne i gContae na Gaillimhe ar scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht agus ar chaiteachas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) don tréimhse 1987 go 30 Meán Fómhair 1996. Léiríonn na táblaí gur méadaíodh an caiteachas sin ó £1.2 milliúin i 1987 go dtí £3 milliúin i 1995 — méadú de 150 faoin gcéad.

Tábla 1

Caiteachas ar Scéimeanna Feabhsúcháin i nGaeltacht na Gaillimhe ó 1987 go 1996

1987

1988

1989

1990

1991

1992

1993

1994

1995

1996 (go 30.9.96)

£

£

£

£

£

£

£

£

£

£

Bóithre

60,248

63,500

72,500

173,500

72,000

80,550

66,808

93,875

88,450

Uisce agus séarachas

149,342*

7,500

2,295

6,600

2,406

2,140

14,242

Muiroibreacha

10,284

24,318

8,005

77,150

100,748

214,167

1,130,382

1,784,452

1,707,267

253,046

Comharchumainn

— deontais chaipitil

73,390

17,850

75,550

7,454

20,940

20,000

31,440

49,660

8,000

6,870

— deontais reachtála

113,000

131,000

94,000

84,000

137,830

108,033

110,083

142,500

228,000

129,500

Hallaí agus Coláistí Gaeilge

36,100

18,300

53,075

164,725

73,100

63,180

20,950

25,950

93,289

11,210

Cóiríocht agus Saoráidí Saoire

12,150

5,000

1,000

Saoráidí Ilghnéitheacha

31,900

36,700

41,300

66,750

24,500

30,050

55,517

11,700

113,600

14,158

An tIomlán

486,414

304,168

346,725

581,179

431,524

518,120

1,415,180

2,108,137

2,252,848

414,784

*Bhain £145,052 den tsuim seo le muirir iasachta ar scéimeanna uisce agus séarachais. Cuireadh deireadh leis na h-íocaí sin ón Roinn i 1988.
Tábla 2
Caiteachas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) i gCondae na Gaillimhe ó 1987 go 1996

Bliain

Tithe Nua

Fuinneoga agus Doirse

Feabhsú- cháin Tí etc.

lomlán

£

£

£

£

1987

182,446

73,634

464,754

720,834

1998

133,280

67,172

458,321

658,773

1989

128,819

77,489

326,774

533,082

1990

127,375

106,926

201,096

435,397

1991

101,925

159,641

299,152

560,718

1992

144,508

157,081

272,168

573,757

1993

151,034

180,837

391,661

651,532

1994

233,481

201,951

292,173

727,605

1995

253,659

171,391

353,291

778,341

1996 (go 30.9.96)

145,650

83,059

181,744

410,453

Máire Geoghegan-Quinn

Ceist:

179 D'fhiafraigh Mrs. Geoghegan-Quinn den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé chomh luath agus a chuirfeas a Roinn airgead ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun bóithre i gConamara a fheabhsú. [18309/96]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar 8 Deireadh Fómhair ar Cheisteanna Dála (Uimh. 39, 62 agus 65) i dtaobh an ábhair.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

180 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ar fhánán a thógáil móide bóthar isteach chuige ar an Lochán Beag, Indreabhán, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18519/96]

Fuarthas iarratas ó Chumann Forbartha Chois Fharraige go gcuirfí oibreacha feabhsúcháin áirithe — ar a n-áirítear síneadh a chur leis an gcé, balla cosanta a thógáil agus béal an chuain a ghlanadh — i gcrích ag na saoráidí calaíochta ag Cé an Locháin Bhig. Tá iarrtha ag mo Roinnse ar Roinn na Mara tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais a chur ar fáil i dtaca leis na hoibreacha feabhsúcháin atá ag teastáil ag an gcé agus déanfar an cás a mheas tuilleadh nuair a gheofar an tuarascáil sin.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

181 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas ó Chomhar Caomhán Teoranta go gcuirfear sleamhnán in aice na céibhe nua in Inis Oírr; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18520/96]

Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 163 ar 20 Feabhra agus mar fhreagra ar Cheist Uimh. 130 ar 2 Iúil, fuarthas iarratas ó Comhar Caomhán Teoranta i mí Feabhra 1995 go dtógfaí sleamhnán in aice na cé ag Inis Oírr.

Tá curtha in iúl ag Roinn na Mara go meastar go gcosnódh sé £100,000 chun an sleamhnán sin a thógáil agus tá tuarascáil iarrtha ón Roinn sin ar thionscal na hiascaireachta ar Inis Oírr agus ar thábhacht an tsleamhnáin don tionscal sin. Déanfar an cás a mheas tuilleadh nuair a gheofar an tuarascáil sin.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

182 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas aige ar chaoi a chur ar Chéibh Cill Mhuirbhe, in Inis Mór, Árainn, cén staid ag a bhfuil an t-iarratas agus cén uair a dhéanfar cinneadh maidir leis an iarratas seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18521/96]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar 8 Deireadh Fómhair ar Cheist Dála (Uimh. 51) faoi fheabhsú na saoráidí calaíochta ag an láthair seo.

Barr
Roinn