Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Oct 1996

Vol. 470 No. 1

Written Answers. - Scéim Uisce Leitir Mhóir (Contae na Gaillimhe).

Éamon Ó Cuív

Ceist:

197 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil cén staid ina bhfuil an t-iarratas ó grúp-scéim uisce Leitir Caladh Uimhir 3, Leitir Mór, Contae na Gaillimhe; cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas uathu le scéim uisce a bhunú do thríocha teach, agus na feilmeacha a bhaineann leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18523/96]

Braitheann dul chun cinn leis an ngrúp-scéim uisce seo ar thógáil príomhphíopa uisce ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi scéim uisce phoiblí Leitir Mhóir. Táthar ag súil go mbeidh an obair seo críochnaithe ag tús na bliana seo chugainn. Tabharfar cead don grúpa dul ar aghaidh le pleanáil na scéime chomh luath is a dheimhníonn an chomhairle go bhfuil siad in ann uisce a sholáthair dó.

Barr
Roinn