Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Nov 1996

Vol. 471 No. 7

Written Answers. - Droichead Nua.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

221 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil an bhfuil i gceist aige airgead a chur ar fáil le droichead nua a thógáil in Inis Ní, Cloch na Rón, Contae na Gailimhe, ó tharla go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe tar éis a thabhairt le fios go bhfuil siadsan sásta airgead a chur ar fáil don obair seo má fhaíghtear deontas óna Roinn, agus ó tharla go bhfuil fíor-dhrochchaoi ar an droichead seo agus go bhfuil géarghá lena athnuachan; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21896/96]

Tuigim go bhfuil an droichead seo faoi úinéireacht phríobháideach. Tuigim, áfach, go bhfuil sé i gceist ag an gComhairle Chontae meastachán a dhéanamh chun na h-impleachtaí airgeadais don Chomhairle a mheas dá dtógfaí an droichead faoina cúram agus dá gcuirfí ceann nua ina áit.

Dá dtógfadh an Chomhairle an droichead faoina cúram, thitfeadh pé costas a bheadh i gceist ar a h-acmhainn féin, le cabhair na ndeontas ginearálta a chuirtear ar fáil ó mo Roinn. Bheadh an Chomhairle in ann, chomh maith, cur isteach ar dheontas faoi Scéim Chomhmhaoinithe an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh oibreacha feabhsúcháin faoi leith ar bhóithre nach bóithre náisiúnta iad, a chuireann le cumas eacnamaíochta an cheantair agus a chuidíonn le giniúint fostaíochta.

Barr
Roinn