Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Nov 1996

Vol. 471 No. 7

Written Answers. - Grúpa Comhairleoireachta.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

326 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cén uair dheireanach ar tháinig an Grúpa Comhairleoireachta ar théarmaí dlí le chéile, cén t-ábhar atá foilsithe ag an ngrúpa seo, agus cén t-ábhar atá curtha ar fáil acu don Roinn Dlí agus Cirt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22118/96]

Leis an Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge, 1945, déantar socrú maidir le bunú, comhdhéanamh agus feidhmeanna an Choiste Chomhairlithigh um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge. Is iad feidhmeanna reachtúla an Choiste ná breithniú a dhéanamh, agus tuairisc a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt, i ndáil le déanamh Orduithe Reachtúla a dhearbhaíonn na hiontamhla caighdeánacha sa Ghaeilge do théarmaí dlí. Tá sé d'fheidhm acu freisin comhairle a chur ar an Aire i dtaobh foirmeacha agus fasaigh a fhoilsiú i nGaeilge. Sa tréimhse 1945 go 1956, rinneadh sraith d'Orduithe Reachtúla — 10 gcinn acu san iomlán — dar teideal "Orduithe Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge". Tá obair an Choiste mar a leagadh amach í sna hOrduithe sin le fáil freisin i leabhrán dar teideal "Téarmaí Dlí" a d'fhoilsigh Oifig an tSoláthair. Níor chuir an Coiste aon ábhar eile faoi bhráid mo Roinne lena fhoilsiú.

Bhí an cruinniú ba dheireanaí ag an gCoiste ar 22 Samhain 1985. Tuigtear dom nár tháinig ábhar ar bith eile chun cinn le linn obair aistriúcháin ó shin i leith ar ghá cruinniú den Choiste a thionól lena aghaidh. Tuigtear dom freisin go ndéanann Rannóg Aistriúcháin an Oireachtais gach Acht den Oireachtas agus na hIonstraimí Reachtúla go léir a aistriú go Gaeilge ar bhonn leanúnach. Ní dhéanann easpa cruinnithe an Choiste Chomhairlithigh um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge difear ar bith don obair aistriúcháin sin. Tá líonadh na bhfolúntas ag an gCoiste faoi bhreithniú.

Barr
Roinn