Éamon Ó Cuív
Ceist:2 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Taoiseach an bhfuil i gceist Deontas Reatha a chur ar fáil do Chomhdháil Oileáin na hÉireann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22039/96]
Vol. 472 No. 6
2 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Taoiseach an bhfuil i gceist Deontas Reatha a chur ar fáil do Chomhdháil Oileáin na hÉireann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22039/96]
Is eagras deonach é Comhdháil Oileáin na hÉireann, (the Federation of Irish Islands) a thug go láidir do na hoileáin amach ón gcósta le blianta beaga anuas. De réir na moltaí sa Tuarascáil Idir-Ranna is den riachtanas é go mbeadh teagmháil agus cumarsáid idir na Ranna Rialtais agus Comhdháil Oileáin na hÉireann. Tá an-chur amach ag an eagras sin ar chúrsaí forbartha a bhaineann leis na hoileáin.
Tá cúram ar mo Roinn maidir le forbairt na n-oileán. Bíodh is gur eagras neamhspléach é Comhdháil Oileáin na hÉireann, a fhaigheann maoiniú ó fhoinsí éagsúla, sílim gur cheart soláthar airgid a chur ar fáil ó mo Roinne toisc go bhfuil mórchuid oibre idir lámha acu ar mhaithe le forbairt na noileán ó foilsíodh an Tuarascáil Idir-Ranna níos luaithe i mbliana. Is cuis áthais dom a fhógairt mar sin, gur cuireadh in iúl do Chomhdháil Oileán na hÉireann go mbeidh mo Roinn ag cur deontas réachtála ar fáil arís i mbliana. Pléifear na mionsocruithe maidir leis an deontas sin le Comhdáil Oileáin na hÉireann go luath.
An bhfuil an Aire ábalta a chur in iúil don Teach cé mhéad airgead a chuirfear ar fáil mar deontas an bliain seo chugainn do Chomhdháil Oileán na hÉireann?
Sa bhliain 1996 thugamar £23,000, tá iarratas cur isteach ag Chomhdháil Oileán na hÉireann ag lorg £45,000 ach níl an fiosriúchán atá faoi sheol ag mo Roinn críochnaithe.
An fíor gur foilsiú Leabhar na Meastacháin agus na chóir eolas an tabhairt sin a bheith ar fáil anois?
Cuir an chomhdháil an iarratais isteach sa bhliain 1996 agus is as airgead 1996 a bheidh an deontas ag dul.
Sin eolas nua. An é nach mbeidh aon airgead faoi leith a chur in áil sa Leabhar na Meastacháin do mbliain seo chugainn le haghaidh an deontas raithe?
Tá iarratas cur isteach agus níl mise ag freagairt ar cad a bheidh ag teacht i 1997. Támid ag déanamh scrúdú ar an iarratas atá isteach do 1996.