Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 19 Dec 1996

Vol. 473 No. 3

Other Questions. - Tuarascáil ar Stádas na Gaeilge.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

8 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuair an Roinn tuarascáil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha ar stádas na Gaeilge san Eoraip, agus má fuair céard a bhí molta sa tuarascáil, an bhfuil i gceist an tuarascáil a fhoilsiú, agus céard iad na gníomhaíochtaí atá tógtha nó i gceist a thógáil ag an Roinn de thoradh na tuarascála seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22448/96]

Fuair mé staidpháipear faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Is doiciméad inmhéanach atá ann agus níil i gceist é a fhoilsiú. Bhí an staidpháipéar mar chúlra dá bhfuil sa Pháipéar Ban um Bheartas Eachtrach faoi sheasamh na tíre seo maidir le córas na dteangacha san Aontas Eorpach. Pléitear moltaí sa staidpháipear freisin maidir le céimeanna a ghlacadh le feabhas a chur ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach faoi chóras na dteangacha mar atá faoi lathair. Bhí plé idir mo Roinnse agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha maidir leis sin de agus leanfar leis an bplé sin d'fhonn dul chun cinn a dhéanamh.

An bhfuil i gceist ag Roinn an Aire moltaí nó spriocanna a fhoilsiú faoina a bhfuil i gceist acu a bhaint amach san Aontas Eorpach maidir le stádas na Gaeilge? An bhféadfadh sé a rá linn an bhfuil sé ag déanamh iarratas go dtí an gCoimisiún Eorpach le déanamh cinnte go dtógfar an Ghaeilge san áireamh nuair a bhíonn cáilíocht trí theanga i gceist le haghaidh poist san Aontas, ionas nach mbeidh críochdheighilt á imirt ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó thaobh cúrsai teanga de?

Tógfar gach seans chun úsáid na Gaeilge a chur ar aghaidh ach tá rud níos deimhnithe ná sin i gceist ag an Teachta chomh maith, na seansanna a bheith ann do cheapacháin agus mar sin de dá n-aithneofaí an Ghaeilge ar bhonn níos leithne. Táimid ag déanamh iarracht moltaí a chur ar aghaidh — agus tá cainteanna ar siúl — maidir le todhchaí na Gaeilge sa Chomhphobal. Tiocfaidh sé sin suas, b'fhéidir, taobh istigh de chomhthéacs an Intergovernmental Conference.

An bhféadfainn an cheist a shoiléiriú? Faoi na rialacha atá ann faoi láthair, tuigtear dom go mbíonn ar dhuine atá ag cur isteach ar phost san Aontas Eorpach trí theanga Eorpach aitheanta a labhairt. Más cainteoirí Gaeilge iad caithfidh ceithre theanga a bheith ar a gcumas acu: go dtí seo ní aithnítear an Ghaeilge mar theanga cháilithe do phost san Eoraip. Céard iad na céimeanna atá glactha ag an Aire le déanamh cinnte go n-aithneofar chéad teanga oifigiúil an Stáit seo mar theanga chun críche post san Aontas Eorpach?

Nílim chun aghaidh a chaitheamh siar ar na socruithe a cuireadh in áit ach tá seans go dtiocfaidh athruithe toisc go bhfuil tíortha eile ag iarraidh dul isteach san Aontas — agus níorbh é Uachtaránacht na hÉireann ba thábhachtaí ach próiséas an Intergovernmental Conference. Tá cainteanna ar siúl idir mo Roinn agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha chun socrú ar straitéis chun an méid is mó is féidir a bhaint amach agus má bhíonn seans ann tógfaimid é.

An aontódh an tAire go raibh súil ag a lán daoine go mbainfeadh an tír seo úsáid as ár n-Uachtaránacht ar an Aontas Eorpach chun stádas na Gaeilge san Aontas a athrú agus aitheantas oifigiúil a fháil di cosúil le teangacha eile? An nglacfadh sé leis go bhfuil daoine, mé féin ina measc, buartha nár tharraing an Rialtas an cheist seo anuas láidir go leor, nár deineadh a dhóthain chun an cheist seo a chur chun cinn agus tá na sé mhí beagnach thart anois agus níl tada againn mar thoradh ar iarracht an Rialtais maidir le stádas na Gaeilge a ardú?

Ní aontóinn leis an dTeachta. Is é dearcadh mo Roinne féin i leith na hUachtaránachta go raibh sé nó seacht seimineár eagraithe ar ábhair éagsúla, ceann sa Spidéal ag a raibh ionadaithe ó thíortha uilig an Chomhphobail agus áit ar pléadh úsáid na dteangacha éagsúla agus go háirithe na dteangacha mionlaigh. Bhí daoine i láthair ón Bhreatain Bheag agus ón Fhrainc agus mar sin de agus rinneadh dul chun cinn maidir le húsáid na Gaeilge.

Tá seans níos fearr ann i gcomhthéacs an Intergovernmental Conference ná na hUachtaránachta agus táim lánsásta leis na hiarrachtaí atá déanta agam go dtí seo agus go seasfaidh siad i gcomparáid le hiarrachtaí eile.

An féidir liom glacadh leis nach bhfuil aon iarratas déanta go mbeidh an Ghaeilge áirithe mar theanga cháilithe le haghaidh poist san Aontas Eorpach?

Tá cainteanna ar siúl idir oifigigh mo Roinn-se agus oifigigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus má thagann an deis suas, tapóimid é.

Ó thaobh na gcoinníollacha a bhaineann le fostaíocht taobh istigh den Chomhphobal, a mhalairt ar an rud a dúirt an Teachta atá fíor. Má tá seans ann athrú a dhéanamh ar na coinníollacha i gcomhthéacs na gcainteanna idir mo Roinn agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha, tógfaimid é. Ach nuair atá an tseafóid go léir thart, is é Rialtas Pháirtí an Teachta a shocraigh na coinníollacha faoi úsáid na Gaeilge, stádas na teanga agus na coinníollacha a bhainfeadh le cúrsaí fostaíochta.

(Donegal South-West): An mbaineann an cheist le chlár oibre an Intergovernmental Conference roimh dheireadh na bliana seo nó go háirithe an bhliain seo chugainn?

An bhfuil díomá air nár baineadh úsáid as an nGaeilge ag an chruinniú mullaigh i mBaile Átha Cliath an tseachain seo caite ag an Taoiseach, an Tánaiste nó ag an Aire Airgeadais nuair a bhí seans againne ardú céime a thabhairt don Ghaeilge agus a thaispeáint, ní amháin don Eoraip ach don domhan, go raibh ár neamhspleáchas againn ó thaobh na teanga de?

Pléadh an t-ábhar seo i measc ábhair eile i gcomhthéacs an Intergovernmental Conference agus pléifear arís iad mar níl an próiséas thart. Maidir le conclúidí na huachtaránachta, ba cheart go mbeadh gach Éireannach lán-sásta leis an dea-thoradh a tháinig as.

Written Answers follow Adjournment Debate.

Barr
Roinn