Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Feb 1997

Vol. 474 No. 7

Written Answers. - Conradh Farantóireachta Paisinéirí.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

11 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Taoiseach cén uair a bheidh deireadh leis an gConradh Farantóireachta Paisinéirí agus Lasta ó Ghaillimh go trí Oileán Árann, agus nuair a bheidh deireadh leis an gConradh seo an bhfuil i gceist dul i gcomhairle le muintir na nOileán sula lorgófar tairiscintí nua do sheirbhís farantóireachta go dtí na hOileáin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3077/97]

Faoi láthair tá an conradh le haghaidh seirbhís farantóireachta paisinéirí/lasta ó Chathair na Gaillimhe go hOileáin Árann ag O'Brien Shipping Ltd., i nGaillimh. Is tréimhse sheasta chúig bliana ón gcéad lá Meán Fómhair 1992 go dtí an lá deireanach de Lúnasa 1997 atá sa chonradh reatha leis an gcuideachta.

Faoi na téarmaí, d'fhéadfaí síneadh cúig bliana a chur leis an gconradh má aontaíonn an dá thaobh. Mura mbíonn comhaontú ann faoi théarmaí an chonartha nua, cuirfidh mo Roinn an conradh ar thairiscint oscailte.

Cuireann an Coiste Monatóireachta, a bhfuil mo Roinn mar chathaoirleach air, fóram úsáideach ar fáil do na hionadaithe ó na hoileáin chun plé a dhéanamh ar gach ceist a bhaineann leis na seirbhísí farantóireachta fóirdheonaithe. Tá treoir tugtha agam go socrófaí cruinnithe den Choiste in aghaidh na ráithe.

Má théann na seirbhísí farantóireachta lasta/paisinéirí ar thairiscint oscailte cloífear le Gnáthnósanna Imeachta Rialtais. Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Monatóireachta mar chuid de phróiséas ullmhaithe an iarratais ar thairiscintí.

I gcomhthéacs an tábhacht atá le cur chuige comhpháirtíochta, mar atá molta i dTuarascáil na nOileán, tá leathnú na hionadaíochta ar an gCoiste Monatóireachta á mheas agam chun go mbeadh Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae na Gaillimhe san áireamh.
Barr
Roinn