Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Feb 1997

Vol. 474 No. 7

Written Answers. - Cheibh am Locháin Bhig, Gaillimh.

Robert Molloy

Ceist:

74 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil tuarascáil innealtóireachta agus meastacháin costais d'oibreacha feabhsúcháin áirithe faighte ó Roinn na Mara do sharáidí cáilíochta do chéibh am Locháin Bhig, Indreabhán, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3915/97]

Faoi mar a chuir mé in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 180 ar 15 Deireadh Fómhair 1996, tá iarrtha ag mo Roinnse ar Roinn na Mara tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais a chur ar fáil i dtaca leis na hoibreacha feabhsúcháin atá ag teastáil ag Cé an Locháin Bhig. Tá curtha in iúl ag Roinn na Mara go gcuirfear an tuarascáil sin ar fáil go luath.

Déanfar an cás a mheas tuilleadh nuair a gheofar an tuarascáil sin.

Barr
Roinn