Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Feb 1997

Vol. 474 No. 8

Written Answers. - Scoil Náisiúnta Lán-Ghaelach.

Noel Treacy

Ceist:

94 D'fhiafraigh Mr. N. Treacy den Aire Oideachais cad iad na fáthanna go bhfuil moill ar fhoirgeamh nua oifigiúil a bheith ceadaithe aici do Scoil Náisiúnta Lán-Ghaelach (sonraí tugtha), i gContae na Gaillimhe, cén dáta a bheidh sé ceadaithe, cén tsuim airgid atá ar fáil don fhoirgneamh nua seo, i mbliana agus an dtabharfaidh sí aon eolas eile, atá ar fáil faoin scoil seo óna Roinn. [4119/97]

Déanfar cás Gaelscoil Uí Cheathearnaigh Cúirt an Chumainn, Béal Átha na Slua, Contae na Gaillimhe, a mheas nuair a bhéas clar caipitil na bliana seo chugainn á chur le chéile. Níl ar mo chumas airgead a chur ar fáil don tionscnamh seo i mbliana.

Barr
Roinn