Noel Dempsey
Ceist:120 D'fhiafraigh Mr. Dempsey den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gceadóidh sé, gan mhoill, deontas chun méadú agus athchóiriú a dhéanamh ar Áras Pobail Ráth Cairn mar atá molta ag an gComharchumann; an gcuirfidh sé in iúl cén uair a thógfar Ionad Fiontar Ráth Cairn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7664/97]