Glacaim leis gur buanú na Gaeilge ar na hoileáin Ghaeltachta atá i gceist ag an Teachta.
Bíonn comhairle le fáil ó mo Roinnse agus cúnamh uaithi faoina cuid scéimeanna ag pobal na Gaeltachta i gcoitinne — ar a n-áirítear muintir na n-oileán — chun an Ghaeilge a bhuanú ina gceantair agus leanfar leis an gcomhairle agus leis an gcúnamh sin. Is ó phobal ar leith féin, i.e. ón mbonn aníos, is fearr go dtiocfaidh plean Gaeilge a oireann do chúinsí an cheantair áirithe i gceist. Beidh comhairle agus cabhair le fáil go fonnmhar ó mo Roinnse maidir le hullmhú aon phlean dá leithéid.