Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Apr 1997

Vol. 477 No. 2

Written Answers - Gaeilge ag na Státseirbhísigh i Roinn na Gaeltachta.

Robert Molloy

Ceist:

24 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá tógtha aige ionas go mbeidh Gaeilge ag na státseirbhísigh ina Roinn. [8999/97]

Is í an Ghaeilge an ghnáth-theanga cumarsáide sna hoifigí atá ag mo Roinnse sa Ghaeltacht agus i gcuid de na Rannóga i gceanncheathrú mo Roinne.

Go luath tar éis don Roinn a bheith bunaithe i 1993 eagraíodh cúrsaí Gaeilge dóibh siúd a bhí roimhe sin i Ranna eile, áit nach raibh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga cumarsáide acu. D'fhreastail formhór de na hoifigigh, nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu, ar na cúrsaí sin agus d'éirigh go maith leo.

Tugtar deis dóibh siúd agus d'fhoireann na Roinne, trí chéile, freastal ar na cúrsaí a eagraíonn Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí sa Ghaeltacht. Tugtar aisíoc táillí dóibh siúd ar an bhfoireann a fhreastalaíonn ar chúrsaí Gaeilge a bhíonn á n-eagrú lasmuigh den Roinn, mar shampla cúrsaí de chuid Ghael-Linn agus Bhord na Gaeilge.

Tá iarrtha ag mo Roinnse ar Choimisiún na Státseirbhíse oifigigh sna gráid ghinearálta le cumas maith Gaeilge a shannadh ar mo Roinn nuair is féidir é sin a dhéanamh.

Barr
Roinn