Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Apr 1997

Vol. 477 No. 2

Written Answers - Muiríne i Ghaillimh.

Helen Keogh

Ceist:

35 D'fhiafraigh Ms Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar thógáil an mhuiríne i mBáisín an Chladaigh i nGaillimh. [9005/97]

Tá iarratas ar chead pleanála curtha faoi bhráid Bhárdas na Gaillimhe i ndáil le forbairt an mhuiríne ag Báisín an Chladaigh. Tá eolas breise iarrtha ag an mbárdas agus tá na sonraí i gceist á gcur le chéile i láthair na huaire. Ag an am céanna, tá próiseas comhairliúcháin ar siúl le hIontaobhaithe Loingseoireacht na Coiribe maidir le méid agus suíomh na struchtúr do (a) an bloc seirbhíse agus (b) an trealamh hiodrálach atá riachtanach chun an loca a oibriú.

Barr
Roinn