Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Apr 1997

Vol. 477 No. 2

Priority Questions. - Raidió na Gaeltachta.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

10 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige síneadh a chur le huaireanta craolta Raidió na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8816/97]

Dé réir mhír 19 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960, curtha isteach ag mír 14 (1) den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976, ní rachaidh iomlán na n-uaireanta craolta ag RTÉ i soláthar a seirbhís craolta fuaime thar an uasmhéid ná faoin íosmhéid leagtha síos ag an Údarás le cead Aire an lae. Níl an tÚdarás tar éis cead a lorg ón Aire chun cur leis na huaireanta craolta atá ag Raidió na Gaeltachta faoi láthair.

B'fhéidir go bhfuil a fhios ag an Teachta gur cheadaigh an tAire, le déanaí, i bprionsabal, bunú stáisiúin raidió ar leith do cheol agus na healaíona. Beidh gá, le cruthú na seirbhíse nua, le soláthar sainghréasán náisiúnta tarchuradóireachta agus nuair atá sé seo ar fáil ní bheidh gá a thuilleadh go roinnfeadh FM3 gréasán tarchuradóireachta Raidió na Gaeltachta, mar a dhéanann faoi láthair, rud nach bhfuil iomlán sásúil.

Tá curtha in iúl ag RTÉ go n-éascóidh bunú sainstáisiúin ceoil agus ealaíon breis solúbthachta sna sceidil agus uaireanta breise craolta do Raidió na Gaeltachta. Is ag an Údarás, áfach, atáa an tosaíocht maidir leis seo.

Glacaim buíochas leis an Aire as ucht an cheist a fhreagairt. An ndeimhneodh sé gur ag Raidió na Gaeltachta atá an chéad ghlaoch ar na tonnta atá i gceist agus gurb é an socrú go gcuirtear ar fáil do FM3 iad nuair nach mbíonn siad in úsáid ag Raidió na Gaeltachta?

Níl an t-eolas cruinn agam ach táim sásta go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Aire nuair a d'iarr sé ar RTÉ stáisiún nua a chur ar bun. Beidh an bhreis solúbthachta a thiocfaidh leis sin an-oiriúnach do Raidió na Gaeltachta. Tá scrúdú fé seoil ag RTÉ faoi láthair agus deirtear liom go mb'fhéidir go mbeidh am breise ag Raidió na Gaeltachta i rith na bliana seo chugainn.

B'fhéidir go bhféadfadh an tAire an t-eolas cruinn a fháil faoi chéad ghlaoch Raidió na Gaeltachta ar na tonnta a bhíonn in úsáid acu — tuigtear dom gur chuige sin a cuireadh ar fáil iad. Má tá, an ndeimhneodh sé ar cuireadh moltaí ar aghaidh ó choiste chomhairleach Raidió na Gaelachta go dtí RTÉ ag iarraidh breis uaireanta craolta? An n-aontódh sé freisin go bhfuil jab iontach déanta ag Raidió na Gaeltachta ach go bhfuil easnamh mór ann ó thaobh craolacháin fheiliúnach do dhaoine óga?

An chiall a bhainimse as an gconradh atá ann faoi láthair gur comhpháirtíocht atá ann idir FM3 agus Raidió na Gaeltachta. Má tá fonn ar an gcoiste sin iarratas a chur isteach tacóidh mise leis ionas go mbeidh an scrúdú atá fé seoil ag RTÉ faoi láthair in ann dul ar aghaidh go tapa.

An bhféadfadh an tAire an t-eolas sin a chur chugham muna bhfuil sé aige inniu agus a rá i scríbhinn gur ag Raidió na Gaeltachta atá an chéad ghlaoch ar na tonnta ar a mbíonn sé ag craoladh? Agus an nglacfadh sé leis go bhfuil bearna mór ann ó thaobh craoladh feiliúnach i nGaeilge do dhaoine óga go mór mór do dhéagóirí na Gaeltachta? An dtiocfadh sé liom gurb é an rud coitianta anois go mbíonn stáisiún raidió ag craoladh 24 uair in aghaidh an lae — gur amhlaidh atá le bunáite na stáisiún agus nach bhfuil aon stáisiún eile sa tír a imíonn ón aer ag 7.30 p.m.. An mbreathnódh sé go báúil ar sórt FM2 Gaeltachta a chur ar bun tráthnóna ó 7.30 go meánoíche le go mbeadh ceol comhaimseartha ar fáil d'óige na tíre agus na Gaeltachta ina dteanga féin?

Aontaím leis an moladh atá curtha faoi mo bhráid. Lorgóidh mé an t-eolas cruinn ó RTÉ: níl freagraí go léir agam inniu ach scríobhfaidh mé chuige.

Barr
Roinn