Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Apr 1997

Vol. 477 No. 3

Written Answers. - Caiteachais i nGaeltacht na Gaillimhe.

Robert Molloy

Ceist:

85 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl an bhfuil túarascáil innealtóireachta agus meastachán costais d'oibreacha feabhsúcháin áirithe faighte ó Roinn na Mara do shaoráidí calaíochta do chéibh an Locháin Bhig, Indreabhán, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9341/97]

Faoi mar a chuir mé in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 180 ar 15 Deireadh Fómhair 1996 fuarthas iarratas ó Chumann Forbartha Chois Fharraige go gcuirfí oibreacha feabhsúcháin áirithe (ar a n-áirítear síneadh a chur leis an gcé, balla cosanta a thógáil agus béal an chuain a ghlanadh) i gcrích ag na saoráidí calaíochta ag Cé an Locháin Bhig. Tá iarrtha ag mo Roinnse ar Roinn na Mara tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais a chur ar fáil maidir leis na hoibreacha feabhsúcháin atá ag teastáil ag an gcé.

Déanfar an cás a mheas tuilleadh nuair a gheofar tuarascáil ó Roinn na Mara.

Barr
Roinn