Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Apr 1997

Vol. 477 No. 5

Written Answers. - Cé Inis Oírr.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

129 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas atá déanta le dhá bhliain, ar dheontas le sleamhnán a thógáil in aice na cé nua in Inis Oírr; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9881/97]

Is eol don Teachta, ar ndóigh, gur oscail mé an ché nua ar an oileán inné. Le linn dom bheith ar an oileán bhí áthas orm bheith in ann a chur in iúl do phobal an oileáin go bhfuil deontas lánchostais de £100,000 ceadaithe agam le go bhféadfar sleamhnán a thógáil in aice na cé nua.

Barr
Roinn