Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Apr 1997

Vol. 477 No. 5

Written Answers. - Comharthaí Bóthair.

Robert Molloy

Ceist:

175 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Comhshaoil an riachtanas reachtúil é go mbeadh gach ceann de na comharthaí bóthair ar na príomhbhóithre náisiúnta agus ar na fo-bhóithre náisiúnta dátheangach agus, más mar sin é, an gcuirfidh sé in iúl cén fáth nach bhfuil an riachtanas seo á chomhlíonadh i ngach cás; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4847/97]

Tá na riachtanais maidir le húsáid Gaeilge agus Béarla ar shíneacha bóithre leagtha amach i lámhleabhar nua cuimsitheach ar shíneacha bóithre a d'fhoilsigh mé i mí na Nóllaig seo caite. Tá cóip i Leabharlann an Oireachtais. Dearbhaíonn an lámhleabhar riachtanais a bhí leagtha amach sna Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Síneacha) maidir le húsáid Gaeilge agus Béarla ar shíneacha fáisnéise ar a dtaispeántar logainmneacha. Leathnaíonn sé na riachtanais sin chun síneacha d'oibreacha bóithe agus síneacha rabhaidh, ina núsáidtear téacs, a chlúdú.

Tá na riachtanais sin reachtúil ach amháin i gcás síneacha d'oibreacha bóithre agus síneacha rabhaidh nuair atá contúirt ann nach dtuigfear an rabhadh toisc an iomarca téacs a bheith ar an tsín. I gcás mar sin caithfear síneacha ar leith i mBéarla agus as Gaeilge a úsáid.

Faoi alt 95 (16) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, tá feidhm reachtúil ag an lámhleabhar agus an chiorclán a eisíodh leis. Tá mé ag déanamh socruithe chun litir meabhrúcháin a chur chuig údaráis aitiúil maidir leis na riachtanais seo.

Barr
Roinn