Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 14 May 1997

Vol. 479 No. 3

Written Answers. - Scoileanna i gConamara.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

103 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén fath nár tugadh stádas faoi mhíbhuntáiste do na scoileanna seo i gConamara, Turloch Beag, Gort Mór agus Camas nuair a thógtar san áireamh an meath ar an bpobal sna ceantair seo, agus na deacrachtaí sóisialta atá ag éirí as seo. [13123/97]

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt do ghné na tuaithe den tionscadal "Sárú Chinniúint an Mhí-bhuntáiste" agus nach bhfuil na scoileanna luann sé páirteach sa tionscadal céanna. Tá sé de chuspóir ag an tionscadal seo, cláir speisialta tacaíochta a fheidhmiú i scoileanna cathrach agus tuaithe, scoileanna deineadh iad a aithint mar scoileanna atá lonnaithe i gceantair atá go mór faoi mhí-bhuntáiste.

Ba é an Foras Taighde ar Oideachas a cheap na critéir faoinar roghnaíoch na scoileanna don tionscadal, "Breaking the Cycle" agus a rinne an próiseas roghnúcháin féin a riaradh.

Maidir leis an ghné tuaithe den tionscadal, mheas an Foras Taighde go mba cheart díriú ar scoileanna i gceantair tuaithe a bhfuil níos lú ná cúigear oide iontu agus a bheadh sách gairid dá chéile ionas go mbeifí in ann grupaí oiriúnacha scoileanna a eagrú a ndéanfadh comhordaitheoir áitiúil feastal ar a riachtanais. Is oth liom a chur in iúl don Teachta nár roghnaíoch na scoileanna a luann sé ar bhonn na gcritéir seo.

Tabharfaidh cigirí na Roinne tacaíocht d'fhoirne na scoileanna i bhforbairt an tionscadail agus déanfaidh an Foras Taighde a éifeacht a mheas. Amach anseo, bunófar scéimeanna tacaíochta do scoileanna i gceantair faoi mhí-bhuntáiste ar an saothar meastóireachta seo.

Sa chás go mbeidh forbairt bhreise á pleanáil, cuirfear riachtanais na scoileanna seo san áireamh.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

104 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó Scoil Thulach Uí Chadhain, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe ar síneadh a fháil tógtha ar an scoil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13124/97]

I gcoitinne, cuirtear cóiríocht buan ar fáil do scoileanna náisiúnta má mheastar go mbeidh gá fad-théarmach leis an gcóiríocht sin.

Rinneadh iniúchadh maidir le riachtanais chóiríochta Scoil Thulach Uí Chadhain agus ní meastar go bhfuil gá fad-théarmach sa chás sin. Bhí mo Roinn í dteagmháil le húdaráis na scoile le déanaí agus moladh dóibh cóiríocht sealadach a fháil ar chíos chun freastal ar an riachtanas gearr-théarmach atá acu.

Beifear sásta deontas 50 faoin gcéad a íoc in aghaidh aon chíos réasúnta.

Barr
Roinn