Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 27 Nov 1997

Vol. 483 No. 5

Other Questions. - Cuairt ar Inis Bigil.

Enda Kenny

Ceist:

4 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta; Gaeltachta agus Oileán an dtabharfaidh sí cuntas don Dáil ag éirí as an gcuairt a thug sí ar Inis Bigil, Acaill, Contae Mhaigh Eo.

Thug mé cuairt ar Inis Bigil ar an 29 Deireadh Fómhair 1997. Labhair mé leis na hoileánaigh agus le hionadaithe an oileáin agus phléigh muid na deacrachtaí agus na riachtanaisí atá ag muintir Inis Bhigil. Is an t-éileamh is mó a chuir na hoileánaigh faoi mo bhráid bealach sábháilte a bheith curtha ar fáil go dtí an mór thír agus ar ais. Cruthaíonn an fhadhb seo deacrachtaí móra do pháistí scoile ach go háirithe. Áiríonn siad gá freisin le hionad phobail a fhreastalóidh ar riachtanais shóisialta ar an oileán agus teastaíonn uatha caoi a chur ar chuid de bhóithrí an oileáin. Tá sé soiléir gurb í an fhadhb is mó atá ag Inis Bigil ná cóir taistil sábháilte go dtí an mór thír agus ar ais. Tá cúpla socrú éagsúil luaite don fhadhb seo ach, cibé leigheas a bhéas ann ag an deireadh, beidh costas mór i gceist. Mar sin caithfear a bheith cinnte go ndéanfar an cinneadh ceart. Tá mé ag breathú ar na féidireachtaí éagsúla faoi láthair.

Tá mé sásta go raibh an tAire Stáit thíos ann. Tá sé soiléir nach bhfuil ganntanas ar bith airgid ag an Rialtas. Tá sé íontach soiléir go bhfuil deacrachtaí ag muintir Inis Bhigil ó thaobh siopadóireachta, scolaíochta agus cúrsaí sláinte. Tá an ceart ag an Aire faoin méid sin. Nuair a bhí an tAire Stáit ag freagairt ceisteanna sa Teach mí ó shoin dúirt sé go mbéadh sé ag tabhairt cuairte ar Inis Bigil agus go ndéanfadh sé a aigne suas go luath ina dhiaidh sin. Nach bhfuil sé soiléir go gcaithfear córas taistil a chur isteach go dtí an oileán seo ó Bhaile an Chruaidh agus ó Acaill? Cathain a mbeidh a aigne déanta suas ag an Aire agus cinneadh déanta aige? An mbeidh sé ar chumas an Aire an t-airgead a fháil chun an job a dhéanamh?

Chuaigh mé go hInis Bigil agus rinneadh soiléir dom go bhfuil roinnt féidireachtaí ann agus go bhfuil go leor deacrachtaí ann freisin. Tá mé tar éis scrúdú a dhéanamh ar thuarascáil Údarás na Gaeltachta agus tá roinnt eolais úsáideach sa tuarascáil sin. Tar éis breathnú ar an suíomh agus an tuarascáil a léamh sílim go bhfuil roinnt eolais eile gurb fhiú staidéar a dhéanamh air. Caithfimid cuimhneamh go mbeidh airgead an-mhór i gceist chun teacht ar réiteach. Má thuigim an Teachta tá sé ag caint ar dhá bhealach isteach agus ní bealach amháin anois. An lá faoi dheireadh sa Dáil moladh bealach áirid. B'fhearr liom-sa dul agus bheith cinnte, cibé cinneadh a déanfar, gurb é an ceann a bhéas chun leasa mhuintir an oileáin go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Mar sin tá sé ciallmhar roinnt staidéir eile a dhéanamh ar an gceist agus tá mé cinnte nach mbeifear ró-fhada ag déanamh staidéir.

Agus ag caint ar na meastacháin inné, nó arú-inné, dúirt an tAire Stáit go bhfuil £2 mhilliún le caitheamh aige ó thaobh na n-oileán de i mbliana agus go gcaithfear formhór an airgid sin ar chursaí taistil do na hoileáin. Tá an tuarascáil ag an Aire Stáit, bhí sé ar an oileán. Níl a fhios agam ar chas sé le Bainisteoir an Chontae nó leis na Comhairleoirí Contae. Ní cruinniú poiblí a bhí ann.

Cathain a dhéanfaidh sé suas a aigne? An mbeimid ar ais anseo i gceann sé mhí nó i gceann bliana agus gan cinneadh déanta ag an Aire Stáit?

Is féidir seo a dhearbhú. Beidh cinneadh déanta agus rudaí déanta sula mbeidh deireadh leis an Rialtas seo. Ní sin a tharla leis an Rialtas deiridh.

An bhfuil tú ag rá nach mbeidh cinneadh déanta go ceann dhá bhliain go leith?

Ní sin atá mé a rá. Dúirt mé go mbeidh cinneadh déanta taobh istigh den am sin ach gur theip ar an Rialtas deiridh teacht ar aon chinneadh faoin gceist. Bhí cruinniú poiblí agam ar an oileán agus tá mé ag dul ag déanamh cinnidh. Ní fadhb airgid í seo ar chor ar bith.

Ach ní déanfar cinneadh go ceann dhá bhliain go leith.

Dúirt mé go ndéanfainn cinneadh agus go mbéadh gníomh déanta taobh istigh de théarma an Rialtais seo, rud nár éirigh leis an Rialtas deiridh a dhéanamh. Má dhéanaim cinneadh taobh istigh de choicís nó de thrí mhí nó de shé mhí beidh sé taobh istigh de théarma an Rialtais seo. Tar éis dul ar an láthair agus tar éis casadh le pobal an oileáin — agus cruinniú phoiblí a bhí agam le bainisteoir an chomharchumainn agus le pobal an oileáin — tá mé den tuairim nach bhfuil dóthain eolais fós ar fáil, idir tuarascáil an Údaráis agus an t-eolas a thug na hoileánaigh dom le cinneadh críochnúil a dhéanamh maidir leis an gcóras is fearr chun fáil isteach agus amach as an oileán seo.

Tá céimeanna á nglacadh láithreach chun teacht ar an eolas sin agus beidh cinneadh á dhéanamh chomh luath agus a bheas an t-eolas sin ar fáil. Cuirfear an cinneadh sin ar aghaidh agus déanfear socruithe ansin chun an córas taistil is fearr is féidir a chur isteach go dtí an t-oileán. Mar is eol don Teachta, mar is as Contae Maigh Eo dó , tá roinnt moltaí éagsúla ann. Tá dhá thaobh leis an oileán seo — tá cuid den oileán ag breathnú amach ar Bhaile an Chruaidh agus tá an taobh eile — Béal an Bhulláin — ag breathnú trasna go hAcaill. Tá plé le déanamh cén bealach is fearr agus mar a dúirt sé féin tá daoine ann a déarfadh go mba cheart breathnú an dá threo. Sin an cineál ceiste a chaithfidh mise a scrúdú.

An féidir leis an tAire Stáit a rá leis an Teach cé atá ag déanamh an staidéir agus cad iad na tearmaí tagartha atá ann? Cathain a mbeidh an tuarascáil ar fáil? Níor tógadh cinneadh i rith thréimhse an Rialtais dheireanaigh cé gur deineadh a lán staidéir ar chás Inis Bigil an uair sin. Nach fíor go bhfuil staidéar ann cheana féin? Luaigh an tAire Stáit tuarascáil Údarás na Gaeltachta ach tá staidéar eile ar fáil sna comhaid. Cén t-am a mbeidh an obair seo de bheith ag bailiú breis eolais críochnaithe? An mbeidh sé críochnaithe in am do mheastacháin 1999, toisc nach mbeidh aon chaiteachas i gceist i 1998?

Tá an chéad fhreagra ansimplí. Is muide sa Roinn atá ag déanamh an staidéir.

Cé hiad an "muid"?

Is í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán atá ag déanamh an staidéir ar cén bealach is fearr tabhairt faoin bhfadhb seo. Dar ndóigh, is muide atá tofa ar an bpobal leis an obair sin a dhéanamh. Más gá ina dhiaidh sin saineolaithe a fháil le roinnt saineolais a fháil agus ceisteanna a fhreagairt tiocfar chomh fada leo.

Beidh sé ar an méar fhada.

Cén sort eolais?

Ní bheidh sé ar an méar fhada. Leis an dara cheist a fhreagairt bheadh súil agam, i bhfad roimh mheastacháin 1999, go mbeadh muid soiléir ar an treo atá muid ag dul maidir le cúrsaí infrastruchtúir nó fáil isteach agus amach as Inis Bigil. Tá rún agam go réiteofar an fhadhb seo le linn théarma an Rialtais seo.

Cad iad na téarmaí tagartha atá ag an staidéar atá ar súil faoi láthair sa Roinn? Tá mé buíoch den Aire as ucht an t-eolas a thug sé dom ach ba mhaith liom go ndíreodh sé ar na téarmaí tagartha. Cén sort staidéir é atá chun an treo a thaispeáint dúinn? Má tá níos mó staidéir ag teastáil ina dhiaidh sin, an mbeidh saineolaithe ag teastáil? Céard go díreach a bhfuil siad ag díriú air? Tá a lán den obair déanta ag oifigigh na Roinne sin cheana féin. Cad iad na hábhair nua atá le plé?

Mar is eol don Teachta, cibé cén obair a rinneadh, ní sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a rinneadh é; rinneadh cuid mhaith de i Roinn an Taoisigh freisin agus sin ceann de na fadhbanna a bhí ann cheana. An dara rud ná go ndearna Údarás na Gaeltachta staidéar air seo agus táimid ag iarraidh an t-eolas seo ar fad a tharraingt le chéile. Tá roinnt eolais ann ach tá roinnt easnamh ann. Nuair a bheidh na heasnaimh aimsithe go cruinn, déanfaimid iarracht am agus costas a ghearradh agus tosaíochtaí a réiteach i measc na gceisteanna atá le freagairt, agus ansin iarrfar ar shaineolaithe freagraí a thabhairt ar na ceisteanna sin.

Tar éis mo chuairte ann, tá roinnt smaointe agam faoin mbealach go gceapaimse go mba cheart tabhairt faoi agus b'fhiú go mór dul síos ar an láthair ann. Ach sula ndéanfaidh mé aon bhreithiúnas ar na tuairimí sin, caithfidh mé féachaint ar cuid de na ceisteanna ar mhaith liom freagraí a fháil orthu. Ba mhaith liom seans a bheith agam staidéar a dhéanamh air seo, agus mar a dúirt mé, lorgófar comhairle saineolaithe má bhíonn gá leis.

An é tuairim an Aire Stáit gur carrchábla an modh is éifeachtaí atá á lorg ag muintir an oileáin? An bhfuil sé in ann cúnamh a thabhairt don mholadh sin?

Hovercraft?

Tá go leor féidearachtaí ann agus mar is eol don Teachta nuair a bhí sé ina Aire Stáit, bhí rogha as measc droichead, carrchábla, hovercraft agus bád ann. Is fíor a rá i láthair na huaire go bhfuil cuid mhaith de bhunadh an oileáin i bhfábhar an charrchábla. Tá roinnt ceisteanna agam faoi sin gur mhaith liom tuilleadh staidéir a dhéanamh orthu. Ag deireadh an lae cibé ar a chaithfear an t-airgead, beidh airgead an-mhór i gceist agus ní bheidh deis ag pobal an oileáin nó agamsa dul ar ais ar an gcinneadh sin nuair a bheas an t-airgead caite.

Ceann de na rudaí a chaithfear a chur san áireamh ná go bhfuil oileán amháin eile ar an gcósta ó dheas go bhfuil carrchábla go dtí é. Caithfear a admháil gur tháinig an-mheath ar dhaonra an oileáin sin ó cuireadh isteach é. B'fhéidir go bhfuil réitithe eile ann a bheadh níos áisiúla. Tá roinnt féidearachtaí i gceist le hInis Bigil agus ba mhaith liom, tar éis cuairt a thabhairt ar an oileán, breathnú orthu sin. Caithfear dul i gcomhhairle le pobal an oileáin, mar is dóigh liom gur fágadh an pobal sin ar an tuairim nach raibh ach seans amháin acu chun rud amháin a fháil agus gurb in é an fáth gur roghnaigh siad an carrchábla. Ag deireadh an lae, más é an carrchábla an deis is fearr agus má tá pobal an oileáin sásta leis, déanfar an cinneadh sin in am tráth.

A Cheann Comhairle, tá ceist eile agam agus chur mé síos an Cheist.

Caithfimid dul ar aghaidh go dtí an chéad Cheist eile. Tá morán am caillte againn leis an gCeist seo.

Barr
Roinn