Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 5 Feb 1998

Vol. 486 No. 5

Ceisteanna—Questions. Priority Questions. - Other Questions. Scéim na mBóithre Gaeltachta.

Ceist:

6 D'fhiafraigh Mr. Coveney den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndeánfaidh sí ráiteas i leith scéim na mBóithre Áise agus an dtabharfaidh sí eolas faoin méid airgid atá ann do gach contae Gaeltachta don bhliain 1998. [2780/98]

D'fhógair mé scéim na mbóithre Gaeltachta don bhliain reatha le déanaí. Glacfar le h-iarratais faoin scéim i leith bóithre bailte nach bóithre contae iad agus atá ag freastal ar a laghad ar theach cónaithe amháin móide úinéir talún amháin. Glacfar freisin le hiarratais i leith bóithre portaigh atá ag freastal ar a laghad ar 20 líon tí. Ní mór na h-iarratais a bheith faighte ar ais in oifigí áitiúla mo Roinne faoi 13 Feabhra.

Suim £250,000 ata ar fáil dom faoin scéim seo faoi láthair. Tá sé i gceist agam an soláthar sin a roinnt de réir daonra na limistéar Gaeltachta ar chontaetha Gaeltachta éagsúla. Déanfar coigeartú beag ar na suimeanna sin ionas gur féidir suim de £10,000 a chur ar fáil i gcás na gcontaetha le daonra beag (An Mhí agus Port Láirge).

Seo a leanas go garbh na suimeanna de réir Contae atá ar fáil i 1998:

£

Dún an nGall

69,500

Maigh Eo

33,000

Gaillimh

103,000

Ciarraí

23,500

Corcaigh

10,500

Port Láirge

10,000

An Mhí

10,000

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit as ucht an t-eolas sin a thabhairt. Táimid buíoch go bhfuil an scéim seo tugtha ar ais mar tá bóithre go leor sa Ghaeltacht go bhfuil gá lena ndeisiú. Cén uair a bheidh sé ag fógairt na hiarratais ar éirigh leo deontas a bhaint amach? Tá sé tábhachtach go ndéanfaí é sin chomh luath agus is féidir sa bhliain agus ag breathnú ar na figiúirí a thug sé, tá éagothromaíocht ann idir na contaetha — Gaillimh, £103,000; Dún na nGall, £69,000; Muigh Eo, £33,000. Tá beagnach a dhá oiread ag Gaillimh is atá ag Tír Chonaill ina bhfuil ceann de na Gaeltachtaí is mó. Cad é tuairim an Aire Stáit air sin?

Tá na deontais bunaithe ar bhonn daonra agus is éard a rinneadh ná daonra gach contae a thógáil agus suimeanna airgid dá réir a bhriseadh síos. Táim ag caint faoi dhaonra Gaeltachta chuile chontae. Nuair a rinneadh é sin, d'fhágfadh sé airgead an-bheag ag Pórt Láirge agus ag Contae na Mí. Baineadh airgead den dá chontae is mó, ach níos mó de Chontae na Gaillimhe ná de Thír Chonaill, chun an tsuim a dhéanamh suas: táimid ag caint ar roinnt bheag mílte punt chun an dá chontae is lú a thabhairt suas go híosleibhéal de £10,000.

Tá i bhfad níos mó bóithre i dTír Chonaill.

Tá sé sin fíor ach tá i bhfad níos mó daoine i gContae na Gaillimhe. Caithfear clár daonra a chur ar bun i nGaeltachtaí Thír Chonaill agus beidh mé go mór ina fhábhar sin. Tá mé cinnte go bhfuil an Teachta atá taobh leis an Teachta McGinley thar a bheith sásta go bhfuil daonra chomh tréan sin i nGaeltacht na Gaillimhe.

Maidir le spriocdháta, is é an rún a bhí agamsa go bhfógrófaí an clár oibre a leagfar amach roimh dheireadh mí Eanáir. Tá sé seo déanta agus teastaíonn uaim na hiarratais a fháil faoi lár mhí Feabhra — táimid fós i líne leis an sprioc sin a bhaint amach — agus an tríú sprioc atá againn go ndéanfar liosta na mbóithre a fhógairt roimh Lá 'le Phádraig.

Is liosta iomlán nua atá i gceist anseo agus tá sé fíorthábhachtach go dtuigfeadh muintir na Gaeltachta go bhfuil deireadh leis na seanliostaí. Éinne a chuir isteach ar sheanliosta caithfidh siad iarratas as an nua a dhéanamh. Scrúdófar na hiarratais go léir agus liostáilfear na hiarratais atá bailí de réir na scéime. Tabharfaidh sé sin bunachar sonraí agus foinse eolais dúinn ar scála na riachtanas atá ann maidir leis an dá chineál seo bóthar sa Ghaeltacht, rud a bheas an-úsáideach do chúrsaí pleanála sa Roinn amach anseo.

Má tá liosta nua á chur le chéile agus iarratais úra i gceist, má tá an t-anailís déanta ag an innealltóir, cé dhéanfadh an scrúdú ar na hiarratais éagsúla? Nach cur amú atá i gceist le hiniúchadh ar iarratais don tarna nó don dara huair agus an t-eolas ar fad ar fáil cheana?

Tá míthuiscint ann leis an Teachta. An rud atá fúinn a dhéanamh breathnú ar na hiarratais ar fad a thiocfaidh isteach. Bhí fadhb ann leis na seaniarratais; cuid de na bóithre bhí iarratas faighte faoin seanscéim agus caoi curtha orthu ó shin faoi scéimeanna éagsúla agus gan aon taifead sa Roinn air sin. Freisin, tá bóithre nua ann a chaithfear caoi a chur orthu agus freisin, bhí an seanscéim ag dul siar i bhfad agus é deacair a rá cén uair a ba chóir líne a tharraingt agus a rá nach rabhamar ag glacadh le hiarratais níos sine ná sin.

An rud ba éasca a rá leis an bpobal ná iarratas as an nua a chur isteach ach is ar dhá bhonn a scrúdófar na hiarratais sin. Caithfidh siad titim taobh istigh de rialacha na scéime — caithfear nach bóithre atá faoi chúram na comhairle contae atá i gceist, mar shampla — agus ansin breathnófar ar an bhfuílleach agus iarrfar ar an gcomhairle contae meastachán a chur ar fáil do dheisiú na mbóithre sin. Má tá meastachán réasúnta suas chun dáta ag an gcomhairle contae cheana féin níl le déanamh acu ach é sin a chur ar ais ag an Roinn. Ach tá téarmaí na scéime athraithe agus ní mór a bheith soiléir faoi sin.

Le go mbeadh an scéim oscailte agus féaráilte, leagamar síos coinníollacha daingne: is bóithre le 20 líon tí ag baint úsáide astu amháin atá i gceist le bóithre portaigh agus níltear sásta dul níos faide ná na tithe mar tá géarchéim ann maidir le bóithre ag tithe agus táimid ag iarraidh díriú ar an riachtanas sin i dtosach.

An sprioc atá againn ag brath ar líon na n-iarratas an fhadhb seo maidir le cóiríocht na mbóthar chuig tithe sa nGaeltacht a réiteach go luath agus is air sin atá an scéim dírithe.

Táim sásta go bhfuil an scéim seo tugtha ar ais. An bhféadfadh an tAire Stáit cóip de na treoirlínte a thabhairt do na Teachtaí mar is minic a bhíonn daoine ag cur ceisteanna orainn futhu? Ar fógraíodh na treoirlínte seo ar an raidió agus sna páipéir áitiúla?

Ós rud é go bhfuil méid na suime airgid bunaithe ar líon na ndaoine sna Gaeltachtaí — agus tá méadú mór tagtha ar dhaonra chathair na Gaillimhe agus cuid de taobh istigh den nGaeltacht — an féidir le duine sa bhreacGhaeltacht oifigiúil iarratas a dhéanamh faoin scéim seo? An bhfuil suim ar bith i muintir i mbreacGhaeltachtaí agus an bhfuil cead deontais acu faoin scéim seo?

Fadhb í seo do lá eile. Faoin Acht, tá duine sa nGaeltacht nó níl; níl aon bhreacGhaeltacht ann. Glacfar le hiarratais ó aon Ghaeltacht atá taobh istigh de na limistéir a leagadh síos i 1956 agus atá sa nGaeltacht i láthair na huaire de réir Ordú Aire.

Maidir leis na buntreoirlínte, cuireadh litir ag chuile Theachta Dála agus ag chuile Sheanadóir go bhfuil Gaeltacht ina gceantair nuair a fógraíodh an scéim le cóip den fhógra a chuaigh sna páipéir le go mbeidís ar an eolas ar an bpointe. Leag mé amach an próiseas a bheas i gceist ach tá fadhbanna áirithe ag baint le roghnú na mbóithre, mar shampla, caithfear an Ghaeilge a thógáil san áireamh ach má tá pleananna Gaeilge sna Gaeltachtaí leagtha beidh mé ag iarraidh cothrom na Féinne a thabhairt dóibh ionas go mbeidh an scéim roinnte go féaráilte go tíreolaíoch. Is páirtíocht é idir an Roinn agus an pobal; más Gaeltacht iad caithfidh feidhm a bheith le pleanáil Ghaeilge sna ceantair sin.

Maidir le riachtanas, an sprioc atá leis seo ná bóithre chuig tithe. Mar shampla, tabharfar tús áite go praiticiúil áit a bhfuil daoine ina gcónaí le fada, is cuma cé chomh fada as baile. Ach má théann daoine uaidh siar ag tógáil tí, níl an riachtanas sin chomh géar le teach a bhí ann le céad bliain roimhe sin agus go bhfuil daoine ina gcónaí ann an t-am ar fad agus iad ag feirmeoireacht. Dá ndéarfainnse go ndéanfainn na bóithre is mó go bhfuil tithe orthu agus is giorra i dtosach, tá roinnt bóithre atá ag dul ag tithe atá i bhfad siar agus go bhfuil daoine ina gcónaí iontu le céad bliain nó breis a bhfágfaí ar lár go deireadh. Caithfimid díriú ar na bóithre sin de réir a chéile agus beimid ag tabhairt treorach do na stiúrthóirí liosta a réiteach taobh istigh de na treoirlínte a bheas bunaithe ar riachtanas agus láidreacht an cháis ó thaobh chaoi an bhóthair. An bunsprioc atá agam ná go mbeadh fáil éasca ag chuile dhuine ar a teach agus ar a theach féin.

Ba mhaith liom ceist amháin a chur, a Leas-Cheann Comhairle.

Barr
Roinn