Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 5 Feb 1998

Vol. 486 No. 5

Written Answers. - Fostaíochta Tionscail.

Paul McGrath

Ceist:

11 D'fhiafraigh Mr. McGrath den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na pleananna atá aici chun go mbeidh dóthain cainteoirí Gaeilge leis na scileanna atá ag teastáil ó thaobh teicneolaíochta de, ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ar an méid a dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta le déanaí ina leith. [2779/98]

Is ar Údarás na Gaeltachta atá an príomhchúram maidir le tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta a chur chun cinn sa Ghaeltacht, chomh maith lena chúram maidir le caomhnú agus leathadh na Gaeilge.

Tá céimeanna sonracha á nglacadh ag an Údarás chun réitrach a fháil ar na fadhbanna atá ag goilliúint ar roinnt comhlachtaí Gaeltachta in earnálacha áirithe maidir le fostaithe leis na scileanna atá de dhíth orthu a aimsiú. Tá tionscnamh nua earcaíochta á bhunú d'fhonn iarratasóirí oiriúnacha a aimsiú sa bhaile agus thar lear do phoist i dtionscail Ghaeltachta. San áireamh anseo bheadh bunachar eolais le bunú den lucht saothair Gaeltachta a bhfuil scileanna den scoth acu agus ansin áis nó saoráid a cheapadh ar mhaithe le teagmháil a choimeád leis na daoine sin ar bhonn gníomhach leanúnach. Freisin tá iarrtha ag an Údarás ar an Institiúid um Thaighde Eacnamaíoch agus Sóisialta (ESRI) an fórsa saothair atá ar fáil sa Ghaeltacht a mheas agus scrúdú a dhéanamh ar mhianta gairme na ndaoine óga ansin.
Tá scrúdú á dhéanamh ag an Údarás chomh maith i gcomhar le speisialtóirí oideachais agus le hinstitiúidí sainiúla eile ar conas is fearr is féidir cláracha sainoiliúna a fhorbairt ar mhaithe le freastal ar na riachtanais do shainscileanna agus ganntanas scileanna laistigh de chuideachtaí agus d'earnálacha gnó sa Ghaeltacht.
Tacaim le cur chuige an Údaráis maidir leis an gceist seo.
Barr
Roinn