Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 5 Feb 1998

Vol. 486 No. 5

Written Answers. - Obair Deisiúcháin.

Dinny McGinley

Ceist:

20 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an dtuigeann sí an géarghá le deontas a chur ar fáil le hobair deisiúcháin a dhéanamh ar Chéidh Mhucrois i gCill Chártha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2782/98]

Dirím aird an Teachta ar an bhfreagra a thu mé ar Cheist Uimhir 351 ar 2 Nollaig 1997 faoin ábhar seo.

Tuigim anois go mbeidh tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais suas go dáta i leith na n-oibreacha feabhsúcháin ata riachtanach ar an gcé seo á gcur chuig mo Roinnse ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall go luath.

Nuair a bheidh an tuarascáil agus an measatachán sin ar fáil, déanfar an cás a mheas tuilleadh.

Barr
Roinn